Maidin chaife agus mórshiúl ar son na Palaistíne

Cuireadh maidin chaife ar son na Palaistíne ar siúl i gcaifé An Lon Dubh, Dé Sathairn seo caite roimh an mhórshiúl a eagraíodh i lár Bhéal Feirste. 

Tháinig An Lon Dubh agus Glór na Móna le chéile chun an mhaidin chaife a eagrú agus bailíodh breis agus £500 ar an lá, le leathchuid den síntiús ag dul go 'Medical Aid for Palestinians' agus an leathchuid eile ag dul go Campa Aida san Ionad Lajee san Phalaistín.

Ghlac na sluaite páirt sa léirsiú a thosaigh ag Cearnóg na Scríbhneoirí agus a chríochnaigh ag Erskine House. Bhí tacaíocht, paisean agus dlúthpháirtíocht don Phalaistín le mothú agus le feiceáil ó thús deireadh.

Tá níos mó ná 5,000 páiste maraithe ag fórsaí Iosrael anois agus, mar fhreagairt air sin, rinne an grúpa 'Mothers Against Genocide' naíbheartachun an fhírinne uafásach sin a léiriú ar bhealach cumhachtach. Lena chois sin chuir siad ainmneacha cuid de na páistí a maraíodh ón 7 Deireadh Fómhair ar chomharthaí.

Labhair Meon Eile le Terri Nic Póilín ó An Lon Dubh, le Pádraig de Brún, le hOifigeach Tionscadail Pobail Ghlór na Móna, Eoghan Ó Garmaile agus le hOifigeach Cúnta Pobail Ghlór na Móna, Laochra Mac Iomaire.

Chaith Laochra an samhradh sa Phailistín, ag obair i gCampa Aida sa Ionad Lajee agus mar sin tá nasc cruthaithe aige leis na daoine thall, rud atá ina chuidiú mór ó thaobh feachtasaíochta de.

Is féidir gnó Laochra, 'Gaeilge 22', a leanúint ar Instagram anseo nó breathnóireacht a dhéanamh ar an suíomh é féin anseo

Close
Close