Easpa ban agus daoine de dhath le cluinstuin ar stáisiúin raidió na hÉireann

Dúradh i dtuarascáil ón eagras Why Not Her ar na mallaibh nár chan ceoltóirí ban ach ar 6% den 100 amhrán is mó a sheinneadh ar stáisiúin raidió na hÉireann, laghdú ó 13% anuraidh.

Agus ní raibh duine amháin de dhath as Éirinn le feiceáil ar an 100 amhrán is fearr, cé go bhfuil an éagsúlacht i gceol na hÉireann ag dul i méid. Sheinn formhór na stáisiún raidió amhráin le ceoltóirí idirnáisiúnta, agus ceoltóirí Éireannacha a chan 22% de na hamhráin ar an liosta.

De réir The Irish News, cuireann na stáisiúin raidió an locht ar na lipéid cheoil ach deirtear san Acht Craolacháin in alt 66 gur choir freastal ar réimse leathan daoine, mionghrúpaí san áireamh.

Labhair Meon Eile le beirt chraoltóirí raidió: Edel Ní Churraoin atá ag obair i gcúrsaí raidió agus teilifíse agus a bhfuil a clár féin aici ar Raidio Fáilte, agus Cillian Breathnach, atá ina bhainisteoir ar Raidió Fáilte. Dúirt Cillian go ndéanann Raidió Fáilte a ndícheall ceol agus daoine ó chultúir éagsúla a chur os comhair an phobail ach go bhfuil an fhadhb córasach agus go dtéann sé siar na glúnta.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin cheist anseo.

Close
Close