Cás dlí faoin athrú aeráide in aghaidh Rialtas na hÉireann san Ard-Chúirt an tseachtain seo

Is é an t-athrú aeráide fadhb mhór ár linne agus dar le grúpaí comhshaoil sa Phoblacht nach bhfuil go leor á dhéanamh ag Rialtas na hÉireann le dul i ngleic leis.

Beidh an Rialtas os comhair na cúirte an tseachtain seo agus ‘Climate Case Ireland’ ag iarraidh orthu a Phlean Náisiúnta Maolaithe ar an athrú aeráide a tharraingt siar agus plean níos láidre a chur ina áit.

Cás dlí a troideadh san Ísiltír a spreag an grúpa chun cás dlí den chineál céanna a thabhairt in aghaidh an Rialtais anseo in Éirinn.

Ní hamháin go raibh an bua ag lucht na timpeallacht san Ísiltír ach d’fhógair an chúirt achomhairc gur cheist cearta daonna atá san athrú aeráide.

Bainfear úsáid as an argóint chéanna faoi chearta daonna sa chás anseo in Éirinn. 

Don dara bliain as a chéile, is í Éire an tír is measa san Eoraip ó thaobh gníomhartha le dul i ngleic leis an athrú aeráide, sin de réir na tuarascála bliantúla ó eagraíochtaí ‘Germanwatch’ agus ‘NewClimate Institute’.

Ar a bharr sin tá sé admhaithe ag an Rialtas nach mbainfear spriocanna 2020 amach.

Ach an éireoidh le ‘Climate Case Ireland’ leis an chás dlí? Beidh le feiceáil, ach rud amháin atá cinnte ná go mbeidh ceist an athraithe aeráide i mbéal an phobail go ceann i bhfad eile.

Close
Close