Agallamh le Liz Saville Roberts

Ag tús na míosa seo reáchtáil muintir na Ceathrún Gaeltachta i mBéal Feirste dinnéar mór sa bhialann Bia. Ócáid bhliantúil í 'Cothaigh' ina n-amharctar siar ar an obair ar fad atá déanta sa cheantar le tamall anuas agus chun tosaigh ar an obair uilig atá le déanamh go fóill.

Aoi speisialta na hoíche ná an Feisire Parlaiminte ó Plaid Cymru na Breataine Bige, Liz Saville Roberts. 

I mhí Dheireadh Fómhair, seas Liz suas i dTeacht na dTeachtaí i Londain agus labhair sí i nGaeilge ar son phobal na teanga ó thuaidh atá ag lorg cearta le breis agus deich mbliana anuas.

Ba í an chéad duine le Gaeilge a labhairt i dTeacht na dTeachtaí le 118 mbliana.

“Is cearta daonna iad cearta teanga agus tá cothrom na Féinne tuilte ag lucht labhartha na Gaeilge,” a dúirt sí leis an státrúnaí Karen Bradley. 

Labhair Meon Eile leis an Fheisire féin, le Jake Mac Siacais ó Forbairt Feirste a reáchtáil an oíche agus le Janet Muller ó Pobal faoin óráid a thug Liz agus faoin tionchar a bhain lena cuid focal.

Close
Close