Ag cuimhneamh ar Shinéad O'Connor

Bhásaigh an t-amhránaí clúiteach Sinéad O'Connor an tseachtain seo caite agus í 56 bliana d'aois. Bhain sí aitheantas forleathan amach le linn a saoil agus ba é 'Nothing compares 2 U' a chuir í ar ardán an domhain in 1990.

Is gníomhaí a bhí inti fosta a labhair amach faoin iliomad cúiseanna, mí-úsáid san eaglais Chaitliceach mar shampla, cearta na mban agus Éire aontaithe.

Bhuail Meon Eile le triúr a raibh an-mheas acu ar an amhránaí: Ciarán O’Cruadhlaoic, Fionnghuala McCotter agus Cormac Ó Briain. Labhair siad faoi na rudaí is mó a thaitin leo faoin cheoltóir.

Close
Close