Blaiseadh den Nollaig ó dhaltaí scoile Rann na Feirste

Bhuail Meon Eile isteach chuig Scoil Oilibhéir Pluincéid i Rann na Feirste le tuairimí na ndaltaí ar an Nollaig a fháil.

Bhí lear mór le hinsint ag daltaí na scoile faoin séasúr - labhair siad faoi na rudaí is fearr leo faoin Nollaig, cad é a dhéanann siad le linn na laethanta saoire agus cad é a itheann siad um Nollaig. 

Ní thiocfadh linn dearmad a dhéanamh ar Dhaidí na Nollag ar ndóigh agus bhí neart le rá ag na páistí faoin fhear féin fosta!

Lena chois sin ar fad cheol na daltaí leagan galánta den amhrán 'Bualadh Bos'.

Close
Close