Taispeántas speisialta a thugann léargas dúinn ar an nasc idir Giúdaigh agus litríocht na hÉireann

Seoladh taispeántas speisialta i Leabharlann Halla an Línéadaigh i mBéal Feirste le déanaí, taispeántas a thugann léargas dúinn ar an nasc idir Giúdaigh agus litríocht na hÉireann. 

Tá an nasc seo ann le breis agus míle bliain de réir an taighde a rinneadh don taispeántas, agus maireann sé go dtí an lá atá inniu ann.Tá cultúr agus féiniúlacht na nGiúdach i litríocht na hÉireann, mar aon le tionchar na scríbhneoirí Giúdacha Éireannacha mar chuid den taispeántas.

Tá an tionscadal seo curtha le chéile ag Ollscoil Uladh i gcomhpháirt le hOllscoil na hÉireann,  Gaillimh.Tá an taispeántas ar camchuairt faoi láthair agus beidh sé ag dul go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá san Earrach.  

Beidh an taispeántas le feiceáil in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge go dtí 27 Feabhra.

Close
Close