An 'Super Sunday Session' sa Duncairn

Le roinnt blianta anuas tá Ionad Ealaíon an Duncairn i dTuaisceart Bhéal Feirste ag eagrú imeacht dar teideal an 'Super Sunday Session’. Seisiún rialta é seo ag a gcuirtear fáilte mhór roimh an phobal áitiúil, idir óg agus aosta, le ceol agus craic a bheith acu, mar aon le bricfeasta saor in aisce. 

D'fhreastail Meon Eile ar an Super Sunday is déanaí roimh an Nollaig agus maidin ghalánta réchúiseach a bhí ann. Bhí ceol agus siamsaíocht den scoth ann ó John Spillane agus cuireadh ceardlann ealaíne ar fáil do na páistí fosta. Chuir DJ Paddy meascán maith ceoil le chéile, oiriúnach do mhaidin mhall Domhnaigh. 

Beidh an chéad Super Sunday eile ann an 28 Eanáir idir 10.30 agus 14:00 agus beidh fáilte roimh chách!

Close
Close