Súile Éisc agus scéalta eile - leabhar nua seolta ag Michelle Nic Pháidín

Seoladh an chéad leabhar gearrscéalta de chuid Michelle Nic Pháidín sa Cheathrú Póilí i gCultúrlann Mc Adam Ó Fiaich, Béal Feirste, ar na mallaibh.

Is iriseoir agus scríbhneoir aitheanta í Michelle a rugadh i nGlaschú ach a d'fhás aníos i nGaoth Dobhair. Tá dhá úrscéal scríofa aici cheana, An tIriseoir agus Fuascailt an Iriseora, ach ba dhúshlán nua an leabhar seo di agus próiseas ar bhain sí idir shult agus tairbhe as. 

Tá éagsúlacht mhór i ngach gearrscéal agus go leor téamaí difriúla iontu, an grá, an díoltas, an dúchas, agus cumhacht na farraige. Sa scéal 'Súile Éisc’ léirítear an dáimh speisialta a bhí ag Michelle lena hathair, atá imithe ar shlí na fírinne anois. Tá saibhreas den scoth sa leabhar lena chois agus tá Michelle ag iarraidh go nglacfaidh daoine go réidh é agus iad ag dul ó scéal go scéal.

Bhí Meon Eile i láthair ag an seoladh agus labhair muid le Michelle féin chomh maith le Dónall Mac Giolla Chóill, dlúthchara dá cuid a bhí mar fhear an tí ag an ócáid.

Is é Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh an leabhar agus tá sé ar fáil sa Cheathrú Póilí anois: https://www.anceathrupoili.com/en/shop/suile-eisc-agus-scealta-eile/

Close
Close