Sketchimíní - sraith nua gearrscannán le MumbroTop

Is compántas drámaíochta Gaeilge é MumbroTop a dhéanann réimse leathán de léiriúcháin idir dhrámaí ar an ardán agus ghearrscannáin ghrinn.

Thug Meon Eile cuairt ar Hilary Bowen-Walsh atá i mbun an chompántais agus labhair sí linn faoi phróiseas scríbhneoireachta s’aici agus faoin tsraith gearrscannán is déanaí, 'Sketchimíní’. Físeáin ghrinn atá ann a bhaineann leis an Ghaeilge agus a phléann fadhbanna agus cúrsaí na laethanta seo le dearcadh ar leith.

Thig leat amharc ar an tsraith ‘Sketchimíní’ ina hiomláine ar Youtube MumbroTop.

Close
Close