Seoladh Fhéile an Earraigh 2024

Bhí foirgneamh Raidió Fáilte i mBéal Feirste lán go doras ar na mallaibh le ceiliúradh a dhéanamh ar sheoladh Fhéile an Earraigh in éineacht le Seachtain na Gaeilge le Energia. Bhí Ardmhéara Bhéal Feirste, Ryan Murphy, i measc na gcainteoirí a sheol an fhéile.

Is féile ealaíon agus chultúrtha í Féile an Earraigh atá mar chuid d’Fhéile an Phobail agus a bhíonn ar siúl idir 1-17 Márta. I mbliana tá níos mó imeachtaí á reachtáil acu ná riamh idir cheardlanna ceoil, thurais, imeachtaí teaghlaigh agus imeachtaí eile nach iad.

Bhí Meon Eile i láthair ar an lá agus labhair muid le cúpla duine atá páirteach sna féilte. Dúirt Kevin Gamble, Stiúrthóir Fhéile an Phobail, go bhfuil siad ag déanamh iarracht i mbliana ceol agus cultúr na hÉireann a spreagadh ar fud Bhéal Feirste agus an Ghaeilge a chur chun cinn. D’inis Brónagh Fusco ó Chonradh na Gaeilge dúinn faoin chomhpháirtíocht thábhachtach a bhíonn ann idir Seachtain na Gaeilge agus Féile an Earraigh. Labhair muid fosta le Seosamh Mac Seoin ó Cúla4 faoin bheocht a thugann na féilte seo go saol Bhéal Feirste gach bliain.

Thig leat tuilleadh eolais faoi Fhéile an Earraigh a fháil anseo.

Close
Close