Seo iad Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge 2024

Fógraíodh Ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge le Energia 2024 ar na mallaibh agus bhí an triúr acu i láthair ag plé painéil chun aird a dhíriú ar an fhéile bhliantúil lena gcuirfear tús ar an chéad lá de mhí an Mhárta.

I mbliana is iad Gráinne Seoige, Aindriú de Paor agus Kayleigh Trappe a roghnaíodh le tabhairt faoi na róil agus beidh an triúr acu abálta leas a bhaint as a dtaithí phearsanta agus a gcuid scileanna chun an Ghaeilge a chur chun cinn le linn na féile.

Tugadh cuireadh do Meon Eile chuig an ócáid a reáchtáladh i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath agus labhair muid le gach duine de na hambasadóirí nuacheaptha. Labhair muid fosta le hOrlaith Nic Ghearailt ó Sheachtain na Gaeilge. 

Téigh anseo le tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí ar fad atá beartaithe.

Close
Close