Scéim Pobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte - Amhlaoibh McSweeney in Duncairn

Tá Ionad Ealaíon an Duncairn i dTuaisceart Bhéal Feirste páirteach sa scéim Pobail Ildánacha ar Oileán Comhroinnte, i gcomhpháirt le Levis Corner House i mBéal an Dá Chab in Iarthar Chorcaí. 

Is scéim ar leith í seo a thugann deis do cheathrar ealaíontóirí ó Levis níos mó ná seachtain a chaitheamh in Ionad an Duncairn. Beidh deis ag ceathrar ealaíontóirí atá lonnaithe i mBéal Feirste amhlaidh a dhéanamh in Levis. Trí am a chaitheamh i dtimpeallacht iomlán difriúil, táthar ag súil go mbeidh deis ag na healaíontóirí foghlaim faoi shaol cultúrtha cruthaitheach an cheantair agus a gcuid scileanna agus a dtaithí a roinnt lena chéile.

Ba é Amhlaoibh McSweeney, fear as Béal an Dá Chab agus bunaitheoir an bhanna cheoil, Leevy, an chéad ealaíontóir a bhí páirteach sa scéim cheannródaíoch seo. Agus é lonnaithe ansin i mí Feabhra, chuir sé é féin i measc an phobail agus ghlac sé gach deis a cuireadh os a chomhair. Chaith sé seal ag comhoibriú le healaíontóirí ón scéim 'Creative Collective' agus 'Writer's Hub' de chuid an Duncairn, ag dul i mbun scríbhneoireachta agus cumadóireachta, ag cur ceolchoirm i láthair don chlub sainriachtanas áitiúil, agus a bheith páirteach i seisiúin cheoil ag an American Bar.

Bhuail Meon Eile isteach chuig an Duncairn chun tuilleadh a fhoghlaim faoin scéim. Labhair muid le hAmhlaoibh é féin faoin eispéireas, agus le Barry O'Kane ón Duncairn. 

Tacaíodh leis scéim ar leith seo le maoiniú ó Creative Ireland, Comhairle Cathrach Chorcaí, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Close
Close