Léiriú drámata ‘Buile Shuibhne’ in Áras Mhic Reachtain

Cuireadh taispeántas speisialta i láthair don lucht féachana in Áras Mhic Reachtain i dTuaisceart Bhéal Feirste ar na mallaibh le léiriú drámata den leabhar nua ‘Sweeney: An Intertonguing’ le Rody Gorman, leagan ilteangach den téacs ón Mheánaois, ‘Buile Shuibhne’. Is mar chuid den fhéile IMRAM: Féile Litríochta Gaeilge a bhí an t-imeacht seo.

Sa léiriú seo tá leaganacha nua i nGaeilge agus Gàidhlig léite amach ag Rody é féin chomh maith le ceol beo leis an chumadóir Seán MacErlaine, an t-amhránaí mór le rá Diane Ní Chanáinn agus íomhánna ar scáileán mór le Margaret Lonergan.

Bhí deis ag Meon Eile cuairt a thabhairt ar an oíche ar leith seo agus labhair muid leis an scríbhneoir Rody Gorman faoina phróiseas scríbhneoireactha agus an nasc atá ann idir an ceol agus an fhilíocht. Labhair muid le Diane Ní Chanáinn faoin seó é féin fosta agus faoi cé chomh speisialta is atá Barr a’ Tí in Áras Mhic Reachtain mar spás do na healaíona.

Close
Close