Gradaim NÓS 2024

Oíche spleodrach cheoil agus cheiliúrtha a bhí i nGradaim NÓS 2024, a bhí ar siúl sa Black Box i lár Bhéal Feirste ar na mallaibh.

Ba é seo an chéad uair a eagraíodh na Gradaim i ndiaidh sos ceithre bliana mar gheall ar an phaindéim, agus an chéad uair a bhí siad i mBéal Feirste chomh maith. Mar sin, bhí gliondar ar na ceoltóirí, ar a gcairde agus ar a lucht tacaíochta as gach cearn den tír a bheith ar ais le chéile sa spás céanna. 

Ceann de na buaicphointí is mó ar an oíche ná Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí do 'Nuatheachtaí na Bliana’, a bhronn iníon Rónáin, Fionnuala, ar an bhanna tradtronica Huartan. Rud thar a bheith mothúchánach a bhí ann éisteacht le hóráid Fhionnuala agus ansin le Caitríona ón ghrúpa agus í ag déanamh tagairt don tionchar dearfach a bhí ag Rónán orthu mar cheoltóirí. Is in onóir Rónáin a bhronnfar an Gradam seo gach bliain as seo amach.

Bhí an deis ag Meon Eile labhairt le bunaitheoir NÓS, Tomaí Ó Conghaile, a chuir an Gradaim i láthair agus leis an cheoltóir aitheanta, Gráinne Holland, a bhí i mbun oibre ar an oíche chomh maith.

Bhí IMLÉ agus Grooveline clúdaithe ar an ghearrliosta sa rannóg 'Banna / Ceoltóir na Bliana' agus bhí an deis againn labhairt le Cian Mac Cárthaigh ó IMLÉ agus le Máitiú Ó Conghaile ó Grooveline sula ndeachaigh siad ar stáitse. 

Is é a dúirt Tomaí: "Nuair a bhunaigh muid an iris NÓS ar dtús siar in 2008, bhí an cheol lárnach san iris. Mar sin de céim nádúrtha a bhí ann tús a chur leis na Gradaim in 2015 agus is cinnte go bhfuil fás agus forbairt iontach i ndiaidh teacht ar earnáil an cheoil Gaeilge ó shin. Tá dul chun cinn iontach déanta ag leithéidí Kneecap agus sílim gur léiriú é sin ar an áit a bhfuil muid tá sé tábhachtach an dul chun cinn sin a aithint agus ceiliúradh a dhéanamh ar na ceoltóirí ar fad atá ag canadh agus ag cumadh i nGaeilge, agus thar go leor seánraí."

Close
Close