Gradam Gnó na hÉireann bainte ag Stiúideo Feirste

Bhí ábhar mór ceiliúrtha ag Stiúideo Feirste ar na mallaibh. Bhí an stiúideo bliain amháin ar an fhód agus, sa bhreis air sin, bronnadh trí bhonn óir orthu ag Gradaim Ghnó na hÉireann as a gcuid margaíochta agus as an chur chun cinn eisceachtúil a dhéanann siad ó thaobh na Gaeilge de.

Thug Meon Eile cuairt ar an stiúideo atá lonnaithe i bhfoirgneamh Raidió Fáilte i mBéal Feirste agus labhair muid le triúr ball foirne a chuir tús leis an stiúideo bliain ó shin: an t-oifigeach forbartha gnó Tara Ní Dhuibh, léiritheoir an stiúideo Darragh Mac Dónaill, agus an t-innealtóir fuaime Eoghan Ó Néill.

Labhair gach duine acu faoin onóir a bhain leis an ghradam a fháil agus faoi na ceoltóirí agus na hamhránaithe iontacha a d'úsáid an stiúideo le bliain anuas. Thrácht siad fosta ar thodhchaí an stiúideo agus ar na rudaí ar fad atá siad ag iarraidh a bhaint amach san am atá le teacht.

Is féidir tuilleadh eolais ar Stiúideo Feirste a fháil anseo.

Close
Close