‘Dúchas sa Cheol’: oíche shultmhar shaibhir ag Gaelphobal Ard Mhacha Theas

Eagraíodh imeacht ar leith dar teideal ‘Dúchas sa Cheol’ san ionad Tí Chulainn ar an Mhullach Bán, Ard Mhacha Theas, ar na mallaibh, imeacht a chuir amhráin thraidisiúnta an cheantair i lár an aonaigh.

An t-amhránaí aitheanta áitiúil, Bláithín Mhic Cana, agus an cruitire as Contae Dhoire, an Dr. Lauren Ní Néill, a bhí ar ardán chun ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht logainmneacha na dúiche fríd an cheol.

D’fhreastail Meon Eile ar an imeacht spreagúil eolasach agus bhí deis againn labhairt le Lauren agus Bláithín faoi thábhacht an togra. Is iontach an rud é go bhfuil daoine cumasacha ar nós Bhláithín agus Lauren ann - agus daoine eile lena chois - agus iad paiseanta faoi stair agus cultúr Gaelach na tíre.

Is é Gaelphobal Ard Mhacha Theas a chuir an ócáid ar siúl, le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Close
Close