Cúrsa stair agus shóisialta íochtar na bhFál agus na Seanchille

Tháinig daoine as áiteanna éagsúla i mBéal Feirste le chéile ar na mallaibh le páirt a ghlacadh sa chéad seisiún de chúrsa sé seachtaine atá á reachtáil ag Raidió Fáilte ar stair chultúrtha agus shóisialta íochtar na bhFál agus na Seanchille.

Is é Séamus Mac Aindreasa atá i mbun an chúrsa agus labhair sé le Meon Eile faoin obair a rinneadh le heolas a bhailliú faoin cheantar agus leis an phobal a tháraingt le chéile le labhairt faoi chuimhní s'acu féin agus le scéalta agus pictiúirí a roinnt lena chéile. 

Ina measc siúd a bhí i láthair bhí Maeveen Carville a labhair sí faoina hóige agus í ag freastal ar scoil Naomh Dominic, agus go raibh sí anois ag lorg níos mo eolais faoi Bhóthar na bhFál. Dúirt sí fosta gur rud iontach scéaltaí daoine eile a chluinstin.

Tá an cúrsa saor in aisce agus beidh na seisiúin ar siúl ó 11:00-13:00 gach Aoine ar feadh sé seachtaine. Le clarú téigh i dteagmáil le [email protected] nó cuir scairt ar 02890310013.

Close
Close