Ceoil Cois Lao

Thosaigh Conradh na Gaeilge ag obair i gcomhpháirt le Féile an Earraigh in 2022. Ó shin i leith, tá lear mór ócáidí curtha ar siúl acu chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge. 

D’eagraigh siad ceolchoirm in ionad Naomh Comhghall i mBéal Feirste, áit a ndeachaigh Lonesome George agus Bláth na hÓige ar an ardán. Chuir an dá bhanna ceoil seó den scoth ar siúl do lucht féachana na hoíche.

Thug Meon Eile cuairt ar an cheolchoirm agus labhair muid le Cuisle Nic Liam ó Conradh na Gaeilge faoin imeacht spleodrach. Labhair muid le Catriona Ní Ghribín agus Seosamh Mac Cathmhaoil Mac Ardail ó Lonesome George chomh maith le Coillín-Ríona Whitson a bhí mar bhall do ghrúpa ceoltóirí óga a bhí ag seinm san fhorhalla. 

Bhain achan duine súp as an imeacht agus is féidir blaisín den oíche a fheiceáil san fhíseán thíos.

Close
Close