Celtic Connections 2018 - Hecla

Tá Celtic Connections, féile cheoil thraidisiúnta agus dhomhanda i nGlaschú, ag ceiliúradh cúig bliana is fiche ar an fhód i mbliana.

Ardán don cheol Ceilteach é a mheallann na sluaite ó achan chearn den domhan agus a chuireann fáilte roimh os cionn 2,000 ceoltóir ar feadh 18 lá na féile. 

Chuaigh Meon Eile anonn go Glaschú chun bualadh le roinnt de cheoltóirí na féile.

Bhuail muid leis an bhanna ceoil 'Hecla' agus muid ann. Is banna iad a sheinneann foinn thraidisiúnta Albanacha agus Éireannacha chomh maith le hamhráin i nGaeilge na hAlban.

Tá ceathrar anois sa bhanna agus is as áiteanna éagsúla i dtuaisceart na hAlban dóibh.

Is ón chnoc 'Hecla' i nUithist a Deas a fhaigheann an banna a ainm.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Hecla anseo.

Close
Close