Buaicphointí ó Oireachtas na Samhna 2017 i gCill Airne

Thug na mílte duine aghaidh ar Oireachtas na Samhna i mbaile Chill Airne, Contae Chiarraí, ag an deireadh seachtaine.

Rinneadh ceiliúradh ar chultúr na teanga idir chomórtais, cheardlanna, cheolchoirmeacha, chéilithe, dhrámaí, sheimineáir, sheoltaí agus chraolachán beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, TG4 agus BBC Raidió Uladh, mar aon leis na staisiúin phobail.

Thug Conchubhar Ó Luasa as Co. Chorcaí príomhdhuais na féile, Corn Uí Riada, leis oíche Shathairn i ndiaidh dó comórtas 'Sean-Nós na bhFear' a bhaint fosta.

Bronnadh Gradam Speisialta RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an chumann CLG, Na Gaeil Óga, ar an oíche fosta.

I measc na mbuaiteoirí ar na comórtais mhóra eile, bhí Breandán Seoighe as Co. na Gaillimhe a thóg an chéad duais leis sa chomórtas damhsa ar an Seán-Nós. Bhuaigh Joe Ó Dónaill & Ray Mac Mánais comórtas Lúibíní na Bliana seo. Thóg Eithne Ní Ghallchobhair agus Seanán Mac Aoidh na céad duaiseanna leo sa chomórtais scéalaíochta.

Bhí Máire Ní Mhaoilchiaráin as Conamara, Marina Nic Giolla Bhríde as Gaoth Dobhair,  Seosamh Ó Gríofa as Conamara, agus Danielle Ní Chéilleachair buach i gcomórtais amhránaíochta ar an seán-nós chomh maith.

Bhí Meon Eile i measc na cuideachta i gCill Airne. Seo chugaibh buaicphointí ón chuid is fearr den cheol, den chraic agus de na comórtais ó Oireachtas na bliana seo.

Close
Close