Socrú na dTóraithe leis an DUP - an mbeidh Acht Gaeilge ann riamh?

Ar an 8 Meitheamh a bhí Olltoghchán na Breataine, olltoghchán a chuir iontas ar dhaoine nuair a d’fhógair an Príomhaire Theresa May go mbeadh a leithéid á reáchtáil sa chéad dul síos.

Toradh an olltogcháin ná gur chaill May móramh na dTóraithe in Westminster agus thug sí le fios dá réir go mbeadh a páirtí agus an DUP ag iarraidh theacht ar shocrú “confidence and supply” chun rialtas a bhunú.

Thabharfadh sé móramh don Pháirtí Coimeádach, cé gur i ndroch-áit ó thaobh rialaithe agus cumachta de a bheadh an páirtí i dTeacht na dTeachtaí.

Go dtí seo, áfach, níl aon socrú aontaithe idir an dá pháirtí.

Is páirtí é an DUP go bhfuil aithne mhaith ag muintir an tuaiscirt air ach níl an oiread d'aithne ag an chuid is mó den phobal sa Bhreatain air.

I measc na cainte sna meáin thall faoin DUP bhí plé ar a seasamh ar cheisteanna ar nós cearta LGBT, téamh domhanda agus creideamh.

Labhair Meon Eile le Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Janet Muller faoi cheist Acht na Gaeilge; an chloch is mó ar phaidrín polaitíochta phobal na Gaeilge.

Go dtí seo níl aon reachtaíocht ó thuaidh chun cosaint a thabhairt don Ghaeilge agus is é an DUP an chonstaic is mó roimh aon dul chun cinn.

Mar sin, agus an chuma ar an scéal go mbeidh an DUP in Westminster, cén dóchas atá ann go mbeidh Acht Gaeilge ann riamh?

Close
Close