Tá Lá Fhéile Pádraig ag titim ar an Domhnach beag seo agus beidh Éireannaigh fud fad an domhain i mbun ceiliúrtha.
Ach cén cineál eolais atá againn ar ár nÉarlamh?
Chuaigh Meon Eile go hiarthar na tíre agus d’fhreagair mic léinn ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, ar an gCeathrú Rua, an cheist:
“Cén t-eolas atá agat ar Naomh Pádraig?”