Tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) i ndiaidh scanradh a chur ar dhaoine agus stangadh a bhaint astu agus é fógraithe acu go bhfuil feoil phróiseáilte idir bhagún agus ispíní chomh holc leis na toitíní.
Méadaíonn dóchúlacht ailse phutóige beagnach 20% le hithe dhá shlisín bagúin sa lá, de réir an taighde. Is ionann feoil phróiseáilte agus feoil atá deataithe, leasaithe nó saillte lena seilfré a shíneadh.
Tá dream na soiniciúlachta ag maíomh go méadaíonn dochúlacht droch-shláinte má ghlacann tú an iomarca d’aon ní. Leoga, tá clú ar bhricfeasta mór na nGael agus ár ndúil i muiceoil. Tá taighde na hEagraíochta Domhanda Sláinte ag dó na geirbe ag daoine mar atá le cluinsint ar bhosca na seachtaine seo . . .