Ar bhocsa na seachtaine seo, tá muid ag fiafraí ar chóir go mbeadh athair clainne ábalta an t-am céanna a chaitheamh sa bhaile nuair a thagann páiste úr isteach sa teach.
Is é an míniú atá le Saoire Thuismitheoireachta Roinnte nó Shared Parental Leave nó go mbeadh an t-am céanna ag an athair agus an mháthair sa bhaile nuair a thagann leanbh úr ar an saol.
In Aibréan 2015 tháinig riail úr isteach i Sasana agus sa Bhreatain Bheag go bhfuil cead ag tuismitheoirí 50 seachtain eatarthu a thógáil saor ón obair nuair a saolaítear leanbh leo. Tá feachtas a thoiseach sna Sé Chontae ar son na cearta céanna.
De réir na mbeartas atá ann faoi láthair, is saoire coicíse a bhíonn ar fáil d’athair clainne óna chúraimí oibre nuair a saolaítear leanbh.
Labhair Meon Eile le beirt aithreacha le faoi Saoire Thuismitheoireachta Roinnte agus faoina ndúshlán a thagann os a gcomhair i leith na ceiste seo…