Tabhair aire duit féin i gcaitheamh na Nollag

Katie Saoidhbh McGreal

Is féidir leis an Nollaig a bheith draíochtúil álainn agus, ag an am céanna, is féidir leis a bheith uaigneach deacair. Athróidh sé ó bhliain go bliain agus ó dhuine go duine ach ós rud é go mbíonn an aimsir níos measa, na laethanta níos giorra agus go leor brú orainn le mothú sona sásta an t-am ar fad, tá sé tábhachtach aire a thabhairt duit féin agus smaoineamh ar conas atá tú féin ag mothú i ndáiríre.

Muna bhfuil muid airdeallach ar ár mothucháin féin is féidir linn éirí an-bhrónach nó uaigneach go tobann agus ní thuigeann muid céard atá orainn nó uaireanta fiú cén fáth.

Is bealach iontach é an t-aireachas le siúl a choinneáil ort féin agus ní gá duit 10 nóiméad a chaitheamh á dhéanamh ach oiread - is leor díreach trí anáil mhalla a thógáil isteach agus amach agus a rá leat féin, conas atá mé ag mothú? Agus fiú i ndiaidh an t-eolas sin a fháil ní gá duit aon rud a dhéanamh faoi, díreach a bheith ar an eolas faoin gcaoi a n-airíonn tú agus, má dhéanann tú sin ar bhonn laethúil, tosóidh tú ag aithint na caoi a n-airíonn tú i suíomhanna áirithe, le daoine áirithe nó ag amantaí áirithe sa bhliain.

Má tá a fhios agat go mbíonn an Nollaig deacair duit, tosaigh ag smaoineamh anois ar rudaí a chabhróidh leat agus tabhair fúthu. Roimh an dúshlán féin, sin é an t-am is fearr le tosú ar rud éigin a dhéanamh a chabhróidh le do mheabharshláinte.

1. Cuir do dhá láimh ar do bholg agus tóg anáil mhall isteach tríd an tsrón agus amach tríd an mbéal. Déan sin trí huaire.

2. Breathnaigh sna súile ort féin sa scathán. Abair leat féin ‘Conas atá tú ag mothú?’ lig don fhreagra teacht chun cinn.

3. Caith am taobh amuigh gach lá. D’fhéadfá uimhir 1 a dhéanamh taobh amuigh.

4. Déan teagmháil éigin leis an nádúr gach lá. Cuir do lámh ar chrann, siúl sa pháirc nó cois fharraige, pioc suas duilleog, aithin na dathanna ar fad atá ar na bláthanna.

Ní gá go dtógfadh sé mórán ama ort ach an oiread ach má dhéanann tú nós de anois beidh sé níos éasca duit tabhairt faoin chleachtas amach anseo. Bíonn sé níos éasca nós nua a bhuanú má chuireann tú le nós eile é. Mar shampla, más rud é go scuabann tú d’fhiacla gach maidin, díreach i ndiaidh sin tosaigh ar an nós nua. Nó má itheann tú bricfeasta gach maidin, díreach roimhe sin déan cibé nós nua atá agat agus ansin is é an duais a bheidh agat ná do bricfeasta blasta!

Déan iarracht cuid de na céimeanna seo thuas a dhéanamh i gcaitheamh na Nollag agus beidh siad ina gcuidiú iontach agat.

Close
Close