Síorchogadh?

Ciarán Ó Pronntaigh

Sos seachtaine, sin a raibh ann go dtí gur thosaigh Iosrael ar a ionsaí ar Gaza arís. Agus má shíl muid go mbeadh maolú ar bith ar an scrios, bhí dul amú orainn. Ach cad é an deireadh a bheas le rudaí, chóir a bheith dhá mhí i ndiaidh eachtraí 7 Deireadh Fómhair? An dtabharfar cead do Iosrael an pobal Palaistíneach a ghlanadh amach as tuaisceart Gaza nó fiú as an stráice ar fad?

Mar is gnáth, is é an gnáthdhuine atá thíos go mór mar gheall ar an ár ar an dá thaobh. Más maith linn a bheith cruinn, tá an oiread maraithe atá déanta ar phobal Gaza ar a laghad a dheich n-oiread agus an marú a rinneadh in Iosrael an 7 Deireadh Fómhair. Sin gan na mílte atá ar iarraidh agus na scórtha míle gortaithe agus an treascairt a rinneadh ar bhonneagar na stráice a chur san áireamh, treascairt a d’fhág na céadta míle duine gan dídean ná teacht ar chóir leighis.

An chruacheist atá ann do Iosrael anois, an bhfuil siad sásta leanúint leis an ár nó an bhfeicfidh siad an dochar atá siad á dhéanamh dá gcás ar fud an domhain?

Ábhar náire do bhunadh Iosrael agus don arm an dóigh a raibh Hamas in ann ionsaithe a dhéanamh ar dheisceart na tíre dhá mhí ó shin. I solas an lae ghil, níl ach dhá dhóigh a dtiocfadh leis an rud tarlú, mar atá, gur ligeadh dó tarlú ar mhaithe le díbirt a dhéanamh ar phobal Gaza nó gur trí mhí-éifeachtacht na seirbhísí faisnéise agus an airm. Cibé cúis atá fíor, is ar an Phríomh-Aire Netanyahu a leagtar an fhreagracht. Dá fhaide a leanann an cogadh is amhlaidh is mó a bheidh sé ag dúil nach dtabharfar aird ar na mionsonraí seo. An rud a théann i bhfad, téann sé i bhfuaire, nach fíor?

Agus beidh ar Netanyahu aird a thabhairt ar cheist na ngiall chomh maith. Fir agus saighdiúirí bunús na ndaoine atá fágtha agus tá Hamas ag caint ar iad a mhalartú ar gach cime Palaistíneach, tuilleadh agus 7,000 duine. Shiúil eagraíocht faisnéise Iosrael, Mossad, ar shiúl ó na cainteanna ag an deireadh seachtaine. An amhlaidh go síleann an t-arm go mbeidh siad ábalta aithris a dhéanamh ar an ionsaí ar Aerfort Entebbe in 1976 nuair a saoradh 102 giall a d’fhuadaigh dream Palaistíneach? Is cinnte nach mbeidh rudaí chomh furasta an iarraidh seo.

Cibé fíorsprioc atá ag arm Iosrael in Gaza, is cosúil go bhfuil míonna de mharú ar scála an-ard romhainn, más fíor focail Netanyahu. Go dtí seo, bhí cárta ag Iosrael a d’úsáid siad go minic thar na blianta: ‘Táimid faoi ionsaí agus táimid ár gcosaint féin’. Is deacair ag fiú na cairde is mó atá ag Iosrael an dubh a chur ina gheal orainn agus pictiúir bheo den slad ar al Jazeera lá i ndiaidh lae.

Cinedhíothú a thug oifigeach ó na Náisiúin Aontaithe, Francesca Albanese, air. Sceimhlitheoireacht an focal a roghnaigh an Pápa ar an choimhlint trí chéile. Tá daoine amuigh ar na sráideanna ag léiriú tacaíocht don Phalaistín san iarthar, iad ag iarraidh náire a chur ar na rialtais seasamh níos daingne a ghlacadh le hIosrael. Ach is iad sna tíortha Arabacha agus sna tíortha atá ag teacht le chéile faoin ainm BRICS a fheicimid an t-athrú is mó.

Tuigeann siad go maith gur teist é seo dóibhsean – an mbeidh tionchar go leor acu dúshlán a thabhairt don Iarthar, agus do na Stáit Aontaithe go háirithe? Labhair Lula, Uachtarán na Brasaíle, go láidir ag an deireadh seachtaine faoin éagóir atá á déanamh in Gaza. Chuaigh an Afraic Theas céim níos faide agus chuir deireadh lena caidreamh taidhleoireachta le hIosrael. Agus tá an tSín ag taispeáint a dlúthpháirtíochta le tíortha Arabacha faoi láthair.

An fhadhb atá anois ag Iosrael go bhfuil an domhan ag athrú agus tá baol ann dó nach mbeidh an domhan nua chomh ceanúil air agus ar an dóigh a gcaitheann sé leis na Palaistínigh. Agus gach buama a thiteann ar champa teifeach, díríonn sé aird an domhain ar an éagóir is gá a réiteach luath nó mall.

Close
Close