Shane MacGowan - an oíche a chaith mé ina chomhluadar

Michelle Nic Pháidín

Is cuimhin liom go fóill an oíche chinniúnach sin a chaith mé le Shane MacGowan in Ionad Teampall Chróine ar an Chlochán Léith in 2008.

I ndiaidh dó a bheith críochnaithe ar an stáitse amuigh, rith sé féin agus roinnt ceoltoirí isteach san fhoirgneamh agus chuir fúthu. Bhí sé mar aoí na hoíche sin ag Féile Mháire an Chlocháin Léith.

Bhí mise ina measc siúd a bhí leis an oíche sin mar go raibh mé ag obair mar iriseoir ag an fhéile.

Bhí pianó istigh sa halla agus shuigh sé síos ag bualadh díreach i ndiaidh na ceolchoirme - bhí cíocras an cheoil go foill air, cé go raibh sé i ndiaidh a bheith os comhair na sluaite cúig bhomaite roimhe sin. Is cosúil go raibh an ceol ina rith fríd na feitheacha aige agus go raibh air ligean dó éalú frína chuid méar, mar a bheadh draoi ann.

Bhí Sharon Shannon agus go leor sárcheoltóirí eile i láthair an oíche sin.

Sheasaigh mise chun cúil ag éisteacht leis ar an phianó agus, nuair a mhothaigh sé mé ag ceol go híseal ar a chúl, thiontaigh sé thárt agus d’iarr orm seasamh leis. Bhuail sé piosaí de ‘A Rainy Night in Soho’ agus ‘Two Eyes of Brown.’ Cheol muid beirt lena chéile agus mhothaigh mé ar mo chompord - rud nach dtarlaíonn ach go fíor-annamh.  

Bhí mo chroí istigh ina chuid amhrán - níos mó ná an ceol féin bhí mé i ngrá leis an dóigh ar scríobh sé agus ar chum sé. Bhí mise den bharúil gur saoi a bhí ann, rud atá ráite ag go leor daoine ó bhásaigh sé ar na mallaibh.

Ach an rud a chuir iontas orm an oíche sin nó nuair a stop an ceol shuigh sé liom ag plé stair na hÉireann, an eaglais agus an éifeacht a bhí ag coiliniú na tíre ar shícé mhuintir na hÉireann. Bhí mise ag tógáil nótaí den mhéid a bhí sé ag rá liom ach thóg sé uaim mo leabhar nótaí agus thosaigh sé ag tarraingt pictiúrí. Rinne sé pictiúr de dhaoine cipíneacha le claimhte ag siúl suas cnoc a bhí mar a bheadh dhá leath-chiorcal ann. Scríobh sé amach rudaí a rith leis trasna an leathanaigh agus muid beirt sáite san ábhar.

Nuair a bhí an t-agallamh thart d’imigh mé liom agus chuir mé an leabhar nótaí isteach i ndoras an chairr. Scríobh mé mo phíosa do na nuachtáin i mBaile Átha Cliath ag léiriú an mhéid a dúirt sé liom agus cuireadh ceann de na scéaltaí ar leathanach tosaigh an Sun - ní go díreach mar a scríobh mise é ach an dóigh ar mhian leo é, ach tá an cheart sin acu.

D’fhill mé ‘na bhaile lá amháin agus d’aithin mé go raibh mo charr imithe. D’inis m’athair dom gur dhíol sé é agus go mbeadh ceann úr agam go luath. Bhí sé seachtain nó dhó nuair a smaoinigh mise ar an leabhar nótaí a d’fhág mé istigh i bpóca an chairr agus a néid a scríobh Shane MacGowan air.

Bhris mo chroi go huile agus go hiomlán ach níor dhúirt mé faic le dadaí ariamh - is mise ba chiontaí, ní eisean. Is mise ba chóir aire cheart a thabhairt do rud inteacht a bhí chomh luachmhar sin.

Sna blianta beaga ó shin, nuair a insím an scéal sin do dhaoine feicim an díomá ina gcuid súl agus buaileann sé mé arís eile - cé chomh hamaideach agus a bhí mé rud inteacht chomh luachmhar a chaitheamh ag mo thoin.

Bhí mé thar lear nuair a mhothaigh mé faoina bhás. Is i mBeirlín a bhí mé agus thosaigh mé ag ceol a chuid amhrán liom féin agus mé ag siúl fríd pharlús Charlottenburg - bhí na daoine eile ag amharc thart timpeall orthu ag éisteacht le treoraí i dteangacha éagsúla sna cluasáin. Chonacthas domh gur mór an spéis a bheadh ag MacGowan i stair an pharlúis. Bhí margadh na Nollag ar siúl taobh amuigh den pharlús.

Smaoinigh mé ar an chur síos a thug MacGowan domh na blianta ó shin - an t-anró agus an cruatan a d’fhulaing muid mar dhream agus d’amharc mé timpeall orm. Bhí ampla agus anró timpeall go fóill. Shiúil mé trasna chuig an mhargaidh. Bhí siad ag díol dí agus nach greannmhar gur jin a bhí á thairiscint acu - an deoch chéanna a bhí Shane MacGoawn ag ól an oíche úd i dTír Chónaill. Thóg mé mo ghloine in aghaidh na réalt a bhí ag bánú agus chonacthas domh gurbh fhearr liom na cuimhní cinn a fágadh agam ná leathanaigh a rachadh buí le haois.


Close
Close