Polaitíocht an Easaontais

Ciarán Ó Pronntaigh

Ó rinne na Tóraithe a ‘Léim sa Dorchadas’ leis an Acht Mór Leasúcháin in 1867, thuig siad an tábhacht a bhí leis an lucht oibre mar fhoinse tacaíochta. Thuig Disraeli sin agus thuig Cameron é. Ach ba é Johnson, ar ndóigh, an té ba mhó a chuir a leagan féin den ‘Aon Náisiún Amháin’ i bhfeidhm sna botháin vótála. Agus d’éirigh thar barr leis ag an am leis an ‘bhalla dhearg’ i dtuaisceart Shasana a mhealladh chuig an pháirtí.

Ach d’imigh sin agus tháinig seo. Tá na Coimeádaigh in aimhréidh anois agus cibé caipiteal a bhí acu leis an lucht oibre tá sé curtha amú. Imithe anois atá na geallúintí go ndéanfaí leibhéaladh aníos do thuaisceart Shasana. Cibé fáth a bhí le cealú codanna móra den chóras traenach ardluais, HS2, léirigh an Príomh-aire, Rishi Sunak, nach é an daoscarshlua ná an balla dearg an chloch is mó ar a phaidrín aige. Tá mantra nua aige, mar atá, ‘an t-athrú a thapú’ ach ní chreideann duine ar bith sin anois ó pháirtí a bhí i gcumhacht tuilleadh agus trí bliana déag.

Tá gné níos gránna ag teacht chun cinn sa pháirtí anois, áfach, gné a bhí i gcónaí ann ach a d’ardaigh a cloigeann go fíochmhar ag comhdháil an pháirtí i Manchain an tseachtain seo a chuaigh thart. Agus tá cúis shoiniciúil á treorú – éadóchas. Tá an páirtí anois ag sodar i ndiaidh na heite deise i Meiriceá agus na cogaí cultúir a thosaigh siad. D’oibrigh polaitíocht an achrainn agus an easaontais go maith do Trump agus na Poblachtaigh agus síleann na Coimeádaigh nach bhfuil an dara rogha acu agus slad ag fanacht leo sa chéad olltoghchán eile. Agus bhrúigh ceannairí an pháirtí na cnaipí cearta ag an chomhdháil bhliantúil s’acu.

B’íorónta amach gurbh í Suella Braverman, an tAire Gnóthaí Baile, ar de phór teifeach í, a bhí i dtús cadhnaíochta san ionsaí ar inimircigh. Bhí macallaí d’fhriotal Enoch Powell lena caint faoin ‘hairicín d’inimircigh’ a bhí le teacht. Ní óráid shiosmaideach ar cheist íogair a bhí ann ach rabhadh a fuair a fhreagra sa pháirtí.

Ní dhearna sí aon iarracht a rá go raibh de cheart ag daoine atá ag teitheadh as a dtír féin mar gheall ar bhagairt báis nó drochíde tearmann a lorg i dtír eile. Is ceart idirnáisiúnta é a aithnítear ar fud an domhain. Ach má dhéanann tú iarracht d’aon ghnó an difear idir teifeach agus imirceach a dhoiléirí, tá tú ag sásamh mhianta an chiníochais sa tír, mianta nach bhfanann faoin dromchla i gcónaí.

Ach ba é óráid an Phríomh-aire a léirigh go soiléir go bhfuil na Tóraithe anois ag tiontú go tréan ar an phobalachas. Ar eagla na míthuisceana, ní poblachtachas atá i gceist ach iarracht shuarach an dioscúrsa a thabhairt anuas go dtí an leibhéal is ísle. Ar an drochuair, fágann sin daoine áirithe as an áireamh agus díríonn sé méar an amhrais ar ghrúpaí leochaileacha. An grúpa leochaileach a ndearna sé targaid díobh an iarraidh seo an pobal trasghnéasach.

In ionad spléachadh a thabhairt ar fhigiúirí a chuir a rialtas féin amach a léirigh go bhfuil an líon ionsaithe ar an phobal sin ag an leibhéal is airde ó coinníodh taifead, mheas sé go dtiocfadh leis na héisteoirí a mhealladh le cliché faoi cad is bean ann. Agus ghríosaigh sé iad. Níor smaoinigh sé ach oiread go bhfuil cosaintí sa dlí don phobal sin ón bhliain 2010, ba chuma leis.

Beidh daoine a mhaithfidh an friotal mífhoirsteanach a bhí le cluinstin ag an chomhdháil, ag rá go dtuigeann na daoine seo an dóigh a n-oibríonn an pholaitíocht. Is é fírinne an scéil, áfach, go bhfuil an chaint seo míchothrom, is cuma más imircigh, an pobal trasghnéasach nó fiú daoine atá ag obair ar son na timpeallachta atá i gceist. Tá sé mí-ionraic an dóigh a bhfuiltear ag iarraidh an locht a chur ar mhionlaigh as na teipeanna a bhí ag an rialtas ó 2010. Beidh le feiceáil an dtuigfidh pobal na Breataine gur lena leas féin seasamh leis na mionlaigh nó an ligfidh siad don bhulaíocht lámh in uachtar a fháil orthu arís.

Close
Close