Oilithreacht anama go barr na hEaragaile

Michelle Nic Pháidín

Ag tiomáint thar bhun na hEaragaile domh ar maidin rith an smaoineamh liom go raibh sé thar am agam í a dhreapadh arís.

Bhí carranna páirceáilte ar dhá thaobh an bhealaigh agus daoine le feiceáil in éadach ildaite ag déanamh a mbealach suas an cosán úr mar a bheadh slabhra seangán ann.

Is iomaí uair a chuaigh mé suas go barr an chnoic úd agus bhain mé sult as.

Sin ráite, bhí glór beag i mo cheann ag rá liom go raibh rudaí eile le déanamh agam; “Caidé atá le gnóthú le dhul go barr an chnoic?” a dúirt an glór.  

“Nárbh fhearr duit amhrán úr a fhoghlaim? Nárbh fhearr duit suí siar agus píosa eile de do leabhar a scríobh?”

Choinnigh na ceisteanna do mo chéasadh go dtáinig mé chomh fada le cásadh Ghleann Bheatha. Cheansaigh siad ag an phointe sin. Chonacthas domh go raibh go leor ráite ag an ghlór.

D’ainneoin sin, shín mo chuimhne siar go dtí lá bréa gréine nuair a chuaigh mé go barr na hEaragaile le seanstócach i mí Mheán Fómhair 2016. Suas liom féin an lá sin agus mé chomh sona sásta. Ar an bhealach anuas, shleamhnaigh mé agus thit mé caol díreach isteach i bpoll clábair. Bhí a fhios aige gan gáire a dhéanamh nuair a d’éirigh mé i mo shéasamh agus clábar siar go dtí an dá chluais orm. Dar liom féin go raibh ceacht á fhoghlaim ag an Earagail domh an lá sin ach thóg sé na blianta orm an ceacht a bhí á theagasc aici a aithint.

Ar scor ar bith, chuaigh mé suas go barr na hEaragaile le go leor daoine eile an lá sin agus labhair an glór liom agus mé i mo sheasamh ar thaobh an chnoic ag ól uisce agus an t-allas ina rith liom. Bhí na daoine a bhí ag siúl liom ag teacht agus ag imeacht ach i gcónaí bhí duine amháin taobh liom agus iad ag caint faoi na fadhbanna a bhí acu sa tsaol.

Mar atá amhlaidh, tuigeann cuid mhór againn an méid atáthar a rá chomh maith leis an mhéid nach bhfuiltear ag rá, agus is fiú éisteacht go géar leis an rud nach deirtear.

Bhí an Earagail chun ceacht eile a fhoghlaim domh an lá sin.

Cuid mhaith den am bíonn a fhios ag an te atá ag caint faoin fhadhb cén réiteach atá air ach tá siad ag iarraidh ar dhuine inteacht eile an réiteach a rá os ard. Éiríonn sé cásta ag an phointe sin mar má thugann tusa réiteach dóibh ar an fhadhb seans go bhfágfaidh siad an milleán ortsa.

Ar an lá sin, choinnigh mé mo bhéal druidte agus chleacht mé nós úr. Chuir mé ceist ar an té a bhí ag gearán liom faoi caidé mar a mhothaigh siad nuair a tharlaigh an eachtra a bhí faoi chaibidil. Chuir mé ceist orthu ansin caidé a shíleann siad féin ar cheart a bheith déanta faoin fhadhb.

Bíonn an freagra iontu féin i ngan fhios dóibh agus sin an rud a chuireann iontas ar go leor daoine.

Go minic is fiú a rá leo, “dá mbeinnse sa chás céanna leat féin, caidé a mholfá domhsa a dhéanamh?”

Tagann an freagra leo gan stró mar go bhfuil siad ag amharc ar dhuine inteacht eile san fhaopach. Uaireanta bíonn níos mó measa ag duine ar dhaoine eile mar nach bhfuil féinmheas á chleachtadh acu féin agus is trua sin.

Bhí an oiread sin daoine i mo chuideachta an lá sin a bhí ábalta an Earagail a dhreapadh ach nach raibh an t-uchtach céanna acu tabhairt faoi na cnoic ina n-intinn féin. Bhí cuid acu ag tabhairt súil ar bharr na hEaragaile go ciocrach nuair a bhí dúshláin i bhfad níos mó lastigh dona gcinn a bheadh i bhfad níos deacra an bhua a fháil orthu.

Is fiú tabhairt faoi dhúshláin cinnte ach is fiú go mór na dúshláin atá agat féin a aithint chomh maith. Caidé an mhaith barr na hEaragaile a bhaint amach agus siúl go bonn agus an fhadhb chéanna á hiompar leat an dá bhealach?

Is fearr aghaidh a thabhairt ar chnoic agus ar shléibhte nuair atá tú i ndiaidh dhul i ngleic leis an dúshlán atá do do chéasadh agus sin a cheiliúradh ar bharr na hEaragaile. Nó is fiú siúl go barr na hEaragaile mar an chéad choiscéim ar do thuras inmheánach agus oilithreacht anama a dhéanamh de.

Close
Close