Na rudaí a mhúin an ciúnas dom

Katie McGreal

Rinne mé mo dhara cúrsa ciúnais thar an Nollaig ansin agus bhí sé míle uair níos éasca ná an chéad cheann a rinne mé ocht mbliana ó shin.

Tá go leor le fáil agus le foghlaim ón gciúnas agus seo thíos cuid de na rudaí is mó a rith liomsa le linn na tréimhse is déanaí:

Tiocfaidh gach rud chun deiridh. Ní mhaireann aon rud ach seal. Más rud maith atá ann bain sult as fad is atá sé ann, más drochrud atá ann críochnóidh sé ag am éigin. Fiú má mhothaíonn sé an-fhada mar thréimhse, ní mhairfidh sé go deo.

Fág rudaí ar ais san áit chéanna gach uair agus beidh a fhios agat cá bhfuil siad an chéad uair eile. Sábhálann sé am agus spás intinne duit mar ní gá duit smaoineamh air.

Is féidir leat d’intinn agus do smaointe a chiúniú agus smacht a fháil orthu. Go minic, ní bhíonn a fhios againn fiú go bhfuil muid ag smaoineamh. Nuair atá tú ag cleachtadh aireachais, tá tú ag tabhairt faoi deara go bhfuil smaointe agat agus go minic mothaíonn na smaointe sin an-ghnóthach. Tá an chuma air go bhfuil smacht acu ort agus nach féidir leat iad a smachtú. Le go leor cleachtaidh áfach, is féidir leat smacht a fháil orthu! Is cuma cé chomh glórach gasta atá siad, tá sé go hiomlán indéanta smacht a fháil ar do smaointe.

Muna mothaíonn muid ár mothucháin mar is ceart, fanfaidh siad sa cholainn. Níl sna mothucháin ach fuinneamh agus nuair a mhothaíonn muid iad ligtear don fhuinneamh sin bogadh tríd an gcolainn agus imeacht. Muna mothíonn muid iad fanfaidh an fuinneamh ionainn agus seans go gcruthóidh sin dúshláin dúinn amach anseo. Bí ag caoineadh, ag beiceadh, ag buaileadh an bhalla, cibé rud atá ann le fáil réidh leis an bhfuinneamh - mothóidh tú i bhfad níos fearr ina dhiaidh.

Déanann muid go leor breithiúnis ar dhaoine bunaithe ar an mblas atá acu agus ar an gcaoi a labhraíonn siad. Go hiondúil, ní thuigeann muid go bhfuil an breithiúnas seo ar bun againn ach is fiú an breithiúnas a thabhairt faoi deara. Muna bhfuil a fhios againn go bhfuil muid á dhéanamh, níl smacht againne air agus déanfaidh muid é i ngan a fhios dúinn féin.  

Is fiú na rudaí deacra a dhéanamh. Ná héirí as rud éigin díreach toisc go bhfuil sé deacair. Uaireanta bíonn an tairbhe is fearr le baint as na rudaí is deacra.

Má tá tuirse ort, bíodh neal codlata agat. Ní bheidh aiféala ort agus beidh tú in ann obair níos fearr a dhéanamh nuair nach bhfuil tú chomh tuirseach. Má leanann tú ar aghaidh ag obair srl. agus tuirse ort, tógfaidh sé níos faide agus ní dhéanfaidh tú jab chomh maith céanna.

Tá a fhios agat céard atá le déanamh. Fiú muna síleann tú go bhfuil a fhios agat tá a fhios agat, ach caithfidh tú a bheith ciúin fada go leor le ligint don fhreagra teacht chugat. Má tá fadhb agat agus níl a fhios agat céard is ceart a dhéanamh, cuir aláram ar siúl ar feadh cúig nó deich nóiméad agus suigh ansin leis an gceist nó an fhadhb ag dul thart ar d’intinn lena fheiceáil céard a tharlaíonn. Tiocfaidh an freagra chugat.

Cuimhneoidh tú ar na rudaí tábhachtacha. Ní gá duit gach rud a scríobh síos, cuimhneoidh tú air má tá sé tábhachtach. Is uirlís iontach é d’inchinn nach n-úsáideann muid ach cuid beag di. Lig de d’inchinn cuimhneamh ar rudaí duit agus beidh iontas ort cé chomh maith is atá sé.

Close
Close