Fadhbanna an PSNI: fianaise na faisnéise

Ciarán Ó Pronntaigh

Baineann dea-phóilíneacht le dea-úsáid faisnéise. Is fíric í seo a d’aithin gach fórsa póilíneachta ó bhreac Robert Peel síos a chéad smaointe faoin phóilíneacht sa naoú haois déag. Ar an drochuair, níl cruthúnas ar bith ann go bhfuil úsáid faisnéise, de chineál ar bith, ag barr liosta cumas an PSNI agus rachaidh sé dian ar an Phríomh-Chonstábla a chlú féin agus clú na seirbhíse a tharrtháil anois i ndiaidh do shonraí a fhoirne a scaoileadh saor ar an idirlíon an tseachtain seo a chuaigh thart.

An ghné is díobhálaí faoin eachtra ar fad ná nach trí ghníomh mailíseach a tharla sé ach trí mheancóg, nó le bheith níos cruinne, trí shraith de mheancóga inar cheadaigh suas le seisear an beart. Agus, ar ndóigh, tháinig sé chun solais thart ar an am céanna gur cailleadh sonraí 200 ball foirne trí ghoid i mí Iúil agus nár cuireadh in iúl d’éinne go ceann míosa.

Beidh imní agus fearg ar na baill, ar ndóigh, nó tá siad go fóill faoi bhagairt. Léiríonn an t-ionsaí a rinneadh ar John Cardwell go nglacfaidh na heasaontóirí le deis ar bith ionsaithe a dhéanamh ar na péas, fiú más gá dóibh dul i gcomhar le mangairí drugaí ón phobal dhílseach lena leithéid a dhéanamh.

Beidh impleachtaí ann do na hoifigigh ar fad ach beidh brú níos mó ar dhaoine ón phobal náisiúnach nach mbeadh ag iarraidh a mballraíocht a fhógairt don saol mór. An mbeidh ar chuid acu aistriú tí a dhéanamh agus an mbeidh an bille ag dul chuig an PSNI? An mbeidh athsmaoineamh anois ag Caitlicigh a bhí ag iarraidh dul isteach sa tseirbhís?

Léiríonn an ghéarchéim is déanaí sa PSNI go bhfuil fadhb cultúir ann. Is conspóid leanúnach é go bhfuil tearc-ionadaíocht ag Caitlicigh sa PSNI go háirithe nuair a cuireadh deireadh leis an pholasaí earcaíochta 50/50 tamall de bhlianta ó shin. Tá athrú meoin de dhíth leis an scéal seo a chur ina cheart ach ní aithníonn an PSNI go bhfuil fadhb ar bith ann.

Tá go leor daoine amhrasach go bhfuil tionchar an tsean-RUC fós beo beathach sa PSNI. Tá sé tuilleadh agus 20 bliain ó cuireadh an eagraíocht nua ar bun ach tá drogall uirthi eolas a chur ar fáil faoi mharuithe conspóideacha a tharla sa choimhlint, rud atá íorónta go leor faoi eagraíocht atá chomh fial anois le sonraí a bhaineann leis féin. Agus ná déanaimis dearmad go raibh siad ag déanamh spiaireachta ar iriseoirí a fuair de chroí ceisteanna crua a chur orthu.

Gheall Simon Byrne go mbeidh fiosrúchán ann faoinar tharla. Ceart go leor, ach bainfidh sin d’éifeachtúlacht na seirbhíse má chuirtear acmhainní amú ar rud nár chóir tarlú an chéad lá. Cheana féin, d’admhaigh Byrne nach bhfuil go leor péas ar an tsráid agus níl feidhmeannas ann in Stormont le tuilleadh maoinithe a cheadú. Cuir san áireamh chomh maith go bhfuil an PSNI in ísle brí le ráta an-ard ball foirne amuigh ar an tinneas agus is ríléir go bhfuil fadhb níos forleithne ann ná cnaipe contráilte a bhrú ar ríomhaire.

Fiú sa ghearrthréimhse, tá rudaí ag dul a bheith doiligh. Tá a leagan féin de GDPR ag an Ríocht Aontaithe anois, An tAcht um Chosaint Sonraí, agus tá baol mór ann go mbeidh fíneáil le híoc chomh maith. Is cuma más meancóg atá ann, is gá próiseas cosanta láidir a bheith ag gach eagraíocht a choinníonn sonraí nó íocfaidh siad go daor as. Tá seo uilig taobh amuigh de na cásanna cúirte d’fhéadfadh na baill a ghlacadh as a mbeatha a chur i mbaol. Cá bhfios cá mhéad milliún punt a bheadh i gceist ansin.

Luaigh mé ag an tús go mbíonn dea-phóilíneacht ag brath ar an fhaisnéis. Cén mhuinín a bheadh ag duine ar bith a sceith eolas leis an PSNI nach scaoilfí saor a gcuid sonraí chomh maith? An bhfuil sé soiléir go bhfuil córas láidir ag an PSNI a bhéarfas cosaint d’fhinnéithe a d’fhéadfadh a bheith faoi bhagairt? Tá na rudaí seo tábhachtach nó tá cogadh dearg ar siúl idir mangairí drugaí dílseacha faoi láthair ach cé a bheadh muiníneach eolas a tabhairt don PSNI anois?

Ní mian liom a bheith diúltach faoi sheirbhís a gheall tús úr don phóilíneacht sa tuaisceart agus cé go bhfuil muinín agam as na mílte ball ionraic atá ann, níl an mhuinín chéanna agam as an leibhéal uachtarach bainisteoireachta atá san eagraíocht faoi láthair. Aithnímid uilig go bhfuil gá le beart athstruchtúraithe sa PSNI. Nach é seo an deis an t-athrú sin a thabhairt isteach?

Close
Close