Easpa Físe & Easpa Fealsúnachta i gCáinaisnéis ‘an Fiver’

Peadar Ó Caomhánaigh

Bíonn blas ar an mbeagán, arsa an seanfhocal, ach ó am go chéile bíonn an beagán chomh beag sin go mbíonn an blas ábhairín searbh.

B’shin a bhí le blas ó Cháinaisnéis 2018 nuair a d’fhógair Pascal Donohue a laghad agus ab fhéidir leis don réimse is leithne daoine an tseachtain seo caite.

‘Cáinaisnéis an Chúig Euro’ a thug duine i mo theannta air, agus b’fhíor dó.

Bhí fiver le fáil don té atá ar an meánioncam, fiver don phinsinéar, fiver don duine ar an dól.

Bhí Pascal ag dáileadh fivers uaidh ar nós Oprah ag tabhairt amach carranna.

Cad ina thaobh nach mbeifeá sásta leis sin?

Bhuel, i dtosach báire, cathain nach bhfuil ach luach €3.75 ar fiver?

Nuair nach faightear é go dtí go bhfuil ceathrú den bhliain caite.

B’shin an tseift ghlic a thosaigh an rialtas anuraidh leis na pinsin agus le híocaíochta eile ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

Gealltar ardú cúig euro, ach ardú nach dtiocfaidh go dtí deireadh Mhí an Mhárta.

Is fiver sa tseachtain é, ach sábhálann an Státchiste aon cheathrú den chostas.

D’oibrigh an tseift chomh maith sin anuraidh go ndéarnadh athuair é.

Beidh Fine Gael ag maíomh gur thugadar €5 sa tseachtain do gach pinsinéir, ach beidh na pinsinéirí bochta á lorg in aisce go dtí lár an Earraigh.

An fhadhb is mó atá ag grúpaí abhcóideachta ar son daoine aosta ná nach bhfanfaidh an t-ardú i mbillí fuinnimh go dtí go mbaineann an cúpla euro sa bhreis sparáin na ndaoine aosta amach.

Tiocfaidh siadsan isteach chomh scioptha le hardú tuarastail na dTeachtaí Dála.

Fadhb eile le cáinaisnéis an Chúig Euro ná nach ndearna Fine Gael oiread is rud ar bith forásach nuair a bhí an deis acu.

Is é an Muirear Sóisialta Uilíoch, cé nach maith le haon mhac máthar é a íoc, an cháin is forásaí atá againn, ach lean Fine Gael lena gheallúint é a ghearradh.

Cé gur mhaígh tromlach na tíre roimis an toghchán deireanach go mb’fhearr leo breis seirbhísí, seachas ciorruithe cánacha, tá Fine Gael damanta tiománta an saol a dhéanamh níos éasca don té atá ar an meánioncam.

An fhadhb is mó leis sin ná nach iad lucht an mheánioncaim atá i ngátar an uair seo.

Gheobhaidh lánúin pósta ar an meánioncam tionsclaíochta €5 an duine sa bhreis gach seachtain.

Don lánúin phósta atá ar an íosphá nua, níl i ndán dóibh ach €1 sa tseachtain – nó 50c an duine más fearr leat.

An é nach gcaitheann siad siúd a bhraitheann ar na harduithe seo vótaí?

Nó an é nach gcaitheann siad ar Fhine Gael a gcuid vótaí?

Is cuma cén fáth, is fearr gan bheith in aon chruachás, mar níl aon fiver sa bhreis ag teacht chugatsa.

Dheara, nach bhfuil an mileán ortsa ar aon nós bheith i ndrochphost, seachas bheith cáillithe agus breá compordach? Mo náire thú.

Má tá suim agat fáil amach, dála an scéil, gheobhaidh Taoiseach singil €6 sa bhreis gach seachtain an bhliain seo chugainn.

Ar an taobh eile den tseomra, tá Fianna Fáil spíonta ag gáire.

Dar leosan, is iadsan atá taobh thiar den €5 sa bhreis do na pinsinérí, ach is Fine Gael a chuir moill air.

Fianna Fáil, dar ndóigh, a thug breis airgid don teanga, ach is Fine Gael a roghnaigh figiúr ró-íseal.

Cé gur dhein Fianna Fáil ceap magaidh díobh féin arís ag a nArd Fheis, ag diúltú le cúotaí inscne, aisghairm ar an 8ú leasú agus tréithe eile a bhaineann leis an 21ú aois ina iomlán, fós féin tádar in áit na gCúig Déag tar éis ‘Cháinaisnéis an Fiver’.

Mar fhocal scoir, ní fiú, faraor, trácht a dhéanamh ar athrú aeráide, mar cé gur luaigh Pascal é agus é ag tabhairt deis d’fhostóirí feithiclí leictreacha a cheannach gan sochar comhchineáil a tharraingt anuas ar a meitheal, níor dhein sé faic i ndáiríre faoi na fíneálacha atá ag teacht chugainn toisc nach bhfuilimid ag comhlíonadh ár ndualgaisí faoi Chomhaontú Phárais.

Ara, b’fhéidir gur féidir linn na fivers breise sin a dhó mar bhreosla nuair a thagann an tApacailipsis.

Ní dhéanann an cháinaisnéis seo rud ar bith don 37,000 bean atá ar phinsin íslithe toisc ciorruithe 2012; ní dhéanann sé mórán don té ar an íosphá, nó éinne ag lorg níos mó uaireanta oibre nach bhfuil ar fáil; ní dhéanann sé aon rud don té gan phost nó don phinsinéir don chéad trí mhí de 2018.

Mar sin cad a dhéanann sé?

I ngach cáinaisnéis, fiafraítear an fearr le daoine go n-oibreodh an rialtas ar a son féin, nó chun a leasa siúd is mó i ngátar.

Tá ár bhfreagra againn inár bpócaí i bhfoirm fiver breá nua.

Close
Close