Deasghnáth éagsúil chun tús a chur le 2024

Katie McGreal

De réir an fhéilire a úsáideann muid anois tosaíonn an bhliain nua i lár an gheimhridh. Má bhreathnaíonn tú ar an nádúr ar fad atá thart orainn ag an am seo bliana tá sé ina chodladh nó ag tógáil sosa. Tá na laethanta níos giorra agus an-chuid againn ag dul chun na hoibre agus ag teacht abhaile nuair atá sé dorcha taobh amuigh. Bíonn an aimsir fuar fliuch go minic agus, mar gheall air seo ar fad, bíonn níos lú fuinnimh againn. Níl muidne difriúil ón nádúr atá thart orainn, is mar chuid den nádúr muid agus ciallaíonn sin go dteastaíonn sos uainne freisin.

Ní cheapfá sin áfach agus tú ag éisteacht leis an bhfógraíocht agus leis na meáin a insíonn dúinn gur ceart dul go dtí an gíom níos minice nó aclaíocht a thosú le bheith níos sláintiúla sa bhliain úr.

Cuirtear go leor brú orainn spriocanna a leagan síos agus nósanna nua a thosú mar chuid den lá.

Más rud é nach suíonn sin go maith leat, nó má tá deasghnáth nua uait don am seo bliana nach dtagann leis an ngnáth-theachtaireacht a chuirtear os ár gcomhair, seo thíos sampla de rudaí a dhéanaim féin nach mbaineann le spriocanna móra a bhaint amach i mí Eanáir.


- Deirim liom féin gur mhaith liom cúpla mothú deas ar leith a bheith agam sa chéad 12 mhí eile. Ansin ligim de na mothucháin sin teacht chugam; téim le cibé rud a thagann chugaim agus ní smaoiním air mórán. Scríobhaim síos na mothucháin seo agus fagaim iad, scríofa i mo dhialann nó ar m’fhón.

- Ansin, ligim d’fhocal amháin teacht chugam don bhliain atá romhainn. I mbliana, an focal a bhí ann ná ‘spraoi’, blianta eile bhí ‘suaimhneas’ nó ‘fás’ ann. Ní smaoiním air go díreach, tagann sé chugam agus ní cheistim é, glacaim leis mar atá sé.    

- Nuair atá na mothúcháin ar fad agus an focal seo agam, tógaim amach píosa páipéir agus cuirim na mothúcháin ar fad in aon abairt amháin. Is ráiteas é seo faoin gcaoi atá mé ag iarraidh go mbeidh an chéad 12 mhí eile dom. Ní sprioc é, díreach rud a ligim dó tarlú.

Mar shampla, do 2023 bhí ‘Tá mé ag ligean de bhliain spraoiúil shultmhar lán le grá agus gáire a bheith agam’.

Scríobhaim síos an abairt ina iomláine agus déanaim ealaín thart air. Cuirim suas san oifig é sa bhaile, áit a bhfeicfidh mé go minic é. Cuirim focal na bliana scríofa go beag ar an bpáipéar céanna nó uaireanta bíonn sé ar pháipéar eile agus curtha ar an mballa in aice leis an ráiteas.

- Fad is go mbíonn na rudaí seo ag teacht chugam, tosaim ag smaoineamh ar rudaí difriúla ba mhaith liom a dhéanamh le linn na bliana atá ag teacht. Rudaí atá le baint amach san obair, le mo chairde nó le mo theaghlach, nithe pearsanta agus eile. Scríobhaim síos iad. Arís ní dhéanaim seo in aon bhabhta amháin, go minic bíonn liosta agam i mo dhialann nó ar m’fhón agus cuirim leis nuair a thagann rudaí nua chugam. Nuair atá mé sásta go bhfuil an liosta críochnaithe, scríobhaim síos é agus bíonn sé curtha in aice le mo ráiteas agus focal don bhliain.


Déanaim é seo ar fad ag am ar bith idir tús mhí na Nollag agus deireadh mhí Eanáir. Is deis iad na hoícheanta níos ciúine i ndiaidh na Nollag am a thógáil le slán a fhágáil leis an mbliain atá imithe agus mé féin a shocrú don chéad bhliain eile.

Ní bhím ag súil leis na rudaí seo a bhaint amach go díreach agus iad scríofa síos agam - is rudaí iad don chéad 12 mhí eile. Freisin, baineann an rud ar fad níos mó le mothúcháin ná le rudaí nithiúla a chur i gcrích. Go minic faoi dheireadh na bliana feicim go mbíonn na rudaí bainte amach i ndán a fhios dom féin.

Bainigí sult as an bpróiséas agus más rud é go dtugann tú faoi na deasghnátha seo, ba bhreá liom cloisteáil uaibh fúthu agus faoi conas a éiríonn leat!

Close
Close