D'ísligh Boris an caighdeán, ní mór é a ardú arís

Concubhar Ó Liatháin

Nach ait an mac an saol - agus nach aite fós an mac é Boris Johnson, an fear a bhí i dtús cadhnaíochta sa bhfeachtas chun an Bhreatain a thabhairt amach ón Aontas Eorpach anois iompaithe ina ‘remainer’- nó ina ‘remoaner’ go deimhin - agus gan fonn air Uimhir 10 Sráid Downing a fhágaint.

Cé go bhfuil an cinneadh déanta, níl fonn air fágaint. Nach bhfuil a fhios agat, a Bhoris: ‘Leave means leave!’

Gabh mo phardún as an racht míbhéasach sin cé gur dóigh liom féin go bhfuil sé chomh béasach agus a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis tar éis a bhfuil de thrioblóid is de chrá croí curtha ag Boris orainne le seacht mbliana anuas, ón am gur thosnaigh feachtas an Bhreatimeachta in 2015.

Níl áireamh ar an achrann agus ar an anró atá ardaithe ag an ainniseoir aisteach ardnósach seo. Roimh 2015 ba cheap magaidh é againn, an Sasanach scoth-aicmeach, a chuaigh ‘suas’ go hEton is Oxford is a rinne go leor rudaí gáirsiúla agus é in ainm is a bheidh ag cur oideachas air féin. Nach cuimhin linn an fear úd agus é ag crochadh go neamhornáideach ar ziplíne sa spéir ós cionn Londan agus bratach a thíre á croitheadh aige go leanbaí? 

Bhí sé sa chinniúint go dtoghfaí é ina cheannaire ar na Tóraithe, páirtí a thuill a leasainm míchlúiteach go maith mar gurb ionann tóraí agus gadaí, ach is córas toghcháin as dáta na Breataine a thug go hUimhir 10 Sráid Downing é. Ar a shlí níor staon sé ón gcalaois ná ón mídhílseacht - chaith sé ceannaire a pháirtí is a Phríomh-Aire faoin mbus, an fheithicil chéanna ar bhain sé feidhm aisti chun an dubh a chur ina gheal ar phobal na Breataine leis an dteachtaireacht: ‘We send the EU £350m a week, let’s spend it on the NHS instead! Vote Leave!’.

Tá go leor eile imithe faoi rothaí an bhus chéanna - Dominic Cummings, Michael Gove, bean chéile nó beirt, David Davis, David Frost, iliomad statseirbhíseach a rinne iarracht fhánach comhairle a chur air, an DUP faoi dhó (ar a laghad!) agus ní fheadar an mó duine eile. Thug Larry, cat Uimhir 10 Sráid Downing, na cosa leis agus is dócha gur féidir gur úsáid sé beatha nó beirt chun teacht slán.

Ritheann sé liom agus na focail ag teacht uaim le sruth go bhfuil go leor ar eolas ag an ngnáthdhuine faoi Bhoris Johnson. Táimid go mór faoi anáil na mBriotanach ós rud é gur iarchoilíneacht cuid is mó den oileán agus, bhuel, tá mí-Rialtas na Breataine fós i réim sna sé chontae. Aithnímid an chiaróg seo gan amhras mar tá go leor ciaróga den bpór céanna inár measc - ní raibh siad chomh mór sin mar ní raibh an timpeallacht saibhir a dhothain leis na mianraí riachtanacha chun iad a bheathú sa tír seo: sotal, aicmeachas, éirí in áirde, monarcacht, seanairgead agus airgead nua agus iad araon ag sárú a chéile.

Ní sin le rá nach bhféadfaimis Boris dár gcuid féin a chur sa ríchathaoir.  Is náisiúnach Sasanach é Boris agus creideann sé ina thír féin - bheadh sin maith go leor ach is cuid é an t-impiriúlachas d’oidhreacht ársa na Sasanach agus fágann sin gur beag a mheas ar aislingí is tosaíochtaí tíortha eile, fiú tíortha a chomharsanachta.

Is beag a mheas freisin ar a laoch, Winston Churchill, duine a rinne sléacht le Gorta san Ind cé go dtugtar chun cuimhne é i Sasana mar gheall ar a cheannaireacht chróga le linn an Dara Cogadh Domhanda. Mar gheall air sin agus an chosaint a thug an Bhreatain don Eoraip nuair a bhí Hitler agus na Naitsithe ag iarraidh forlámhas domhanda a bhaint amach don ‘mháistirchine’, bhí Churchill go mór ar son bhunú an Aontais Eorpaigh mar chosaint in éadan fhás na gCumannach.  Bhí sé go mór ar son Chairt Eorpach na gCeart Daonna freisin - rud atá faoi ionsaí anois ag Rialtas Bhoris Johnson.

Tá líne atá geall leis dofheicthe idir tírghrá agus náisiúnachas thar fóir agus is é an rud a shamhlaím gur thárla le Boris agus, gan amhras, Donald Trump agus leithéidí Javier Bolsanaro is Victor Orban is Vladimir Putin, ná gur mheall an taobh eile iad mar ba é sin an chonair chun na cumhachta. Is amhlaidh go dtaithníonn sé leis an gcosmhuintir nuair a thosnaítear ag caint faoi thírghrá agus le gaoth a dtacaíochta sa seol, is furaist dul ar strae agus an líne thanaí sin a thrasnú. Fán am a bhfuil a fhios agat cad atá tarluithe, tá an slua ar fad, ceannairí is eile, ar an dtaobh mícheart den líne agus, ansan, bhuel, chonaiceamar cad a thárla in Washington an Eanáir 6, 2021.

Tá Boris fós i Sráid Downing agus é ag beartú go seiftiúil, glacaim leis, conas tionchar a imirt ar a thodhchaí agus, cá bhfios, bealach ar ais go ríchathaoir na cumhachta a rianú. Bíodh is go bhfaighimid sos uaidh, níl aon chinnteacht ann nach mbeidh a chomharba chomh míréasúnta céanna. Is galar é an náisiúnachas tréan, ar nós Covid Fada. Ní gá go scaoilfeadh sé greim tar éis go bhfuil ráig amháin curtha de dhroim seoil agus ní fios ach go mbeidh athraitheach a bheidh níos nimhní arís agus ar bhealach éagsúil ag teacht sna sála air.

An rud is measa faoi Bhoris Johnson agus an pholaitíocht a luaim leis, sinn-féineachas (is comhtharlúint thaismeach é go bhfuil cosúlacht idir sin agus ainm páirtí polaitiúil in Éirinn) ná gur shearbhaigh sé an díospóireacht phoiblí.  D’éirigh leis é a féin a chur in airde trína lucht tacaíochta a thabhairt anuas.  Deirtear faoi cheannairí áirithe agus iad imithe uainn gur ardaigh sé - nó sí - sinn. A mhalairt glan an scéal le Boris. D’ísligh sé sinn, fiú sinne anseo in Éirinn, agus an dúshlán anois ná talamh cothrom cóir a bhaint amach in athuair.

Close
Close