Foréigean baile: dubh (gorm) i ngrá

Michelle Nic Pháidín 

Labhair Jennifer Zamparelli le gairid, agus í ar an phodcraoladh Jen and Lottie Do Parenting, faoi na deacaireachtaí a bhaineann le foréigean baile agus an náire a mhothaigh sí dá bharr.

Labhair sí faoin ghrá a bhí idir í féin agus an fear a bhí ag tabhairt drochbhail uirthi agus thug sí cur síos ar an mheon agus an fhís a bhí aici go n-athródh sé agus go mbeadh gach rud i gceart arís - mar a bhí sé nuair a bhláthaigh a ngrá ar tús agus nuair a mhaígh sé go raibh sé dubh i ngrá léi.  

Níl Jennifer ina haonar sa mhéid seo agus nuair a labhair sise amach go cróga chur sí le glór gach mná agus fir eile a labhair amach de bharr gur fhulaing siad foréigean sa bhaile. Tá na glórtha sin thar a bheith tábhachtach le huchtach agus le féinmhuinín a mhúscailt i ndaoine eile. 

Leagtar amach i dTuarascáil 2022 an Chomhlathais de Ghrupaí Cúnta na mBan go ndearnadh 31,229 teagmháil lena líne chabhrach náisiúnta agus lena gcuid seirbhísí réigiúnacha - sin méadú 16% ar an bhliain roimhe sin agus an líon is airde a taifeadadh riamh. Mar thoradh ar na teagmhálacha rinneadh 33,990 líomhaint faoi mhí-úsáid teaghlaigh, lena n-áirítear 5,412 tuairisc ar mhí-úsáid leanaí.

Is iomaí sin duine atá beo go critheaglach ina mbailte féin, an áit ar chóir do gach duine a bheith ar a suaimhneas. Tá cuid mhór daoine ann nár mhaith leo labhairt faoin mhéid atá ag tarlú dófa, ar go leor cúiseanna.

Uaireanta is beag grá atá ag daoine dófa féin agus nuair atá daoine in ísle brí mar seo agus bíonn siad ag brath ar an té a bhfuil siad i ngaol nó pósta leo. Tugann siad an oiread sin grá don duine eile nach smaoineann siad orthu féin mórán - is furast do dhaoine cruálacha a dhul i gceann ar dhaoine mar seo, ar an drochuair. 

Is beag a thuigeann daoine cé chomh crua agus atá sé léimnigh isteach i gcarr faoi dhorachadas na hoíche agus gan leat ach do mhála agus fón agus tú ag fágáil slán le do bhaile de bharr go bhfuiltear ag tabhairt drochíde ort. 

Ní bhíonn a fhios ag na daoine seo cá háit a bhfuil a dtriall, nó cén fhad a bheas siad ag tiomáint nó fiú caide an méid airgid atá de dhíth orthu le maireachtáil go bhfaighidh siad áit inteacht úr le fanacht ann.

Is deacair do dhaoine nach raibh san fhaopach sin seo a thuigbhéail. Agus, anuas ar an donas sin, má tá páistí i gceist fosta is deacair an cinneadh a leithéid a dhéanamh.  

Dúirt Jennifer sa phrodcraoladh nach raibh sí ag iarraidh labhairt le duine ar bith faoin fhoréigean mar go ndéarfadh daoine léi ‘cad chuige nár fhág tú é?’

Agus tuigeann muid uilig gur sin an chéad cheist a bheadh inár bpluc ach ní muidne atá sa ghaol, ní muidne atá ag fulaingt agus ní muidne atá nó a bhí i ngrá leis an té atá ag tabhairt drochbhail orainn. 

Mhínigh Jennifer go raibh caidreamh iontach idir í féin agus a stócach nuair a bhí siad ag tarraingt le chéile ach nuair a thosaigh rudaí ag dul go holc is chun donais amach agus amach a chuaigh an scéal. 

Thug sin sreacfheachaint dúinn ar cad chuige ar fhan sí san chaidreamh - í ag iarraidh go mbeadh rudaí go maith arís, ag iarraidh go n-athródh an duine a bhí sí dubh i ngrá leis.

An uair a d’athraigh meon Jennifer nó nuair a bhuail sé í os coinne duine eile. Bhí a fhios ag Jennifer ag an phointe sin nach raibh an t-iompar s'aige ag dul a athrú. An oíche sin chuir sí scairt ar a cara, a labhair léi go cineálta agus thug faoiseamh dí. Is ag an chara sin a chuaigh sí le cónaí go bhfuair sí seans a saol a chur ina cheart an athuair. 

D’admhaigh Jennifer gur cé go raibh sí lena cara agus í ag treabhadh amach saol úr dí féin gur iomaí uair a rith an smaoineamh léi dul ar ais chuig an seanstócach. Dúirt sí gur thóg sé na blianta éirí as an smaoineamh agus gur léirigh sin an chumhacht a bhí aige uirthi. 

Is deacair do go leor daoine a admháil go bhfuil fadhb ina gcaidreamh - uaireanta is deacair do dhaoine a thuigbheáil nach orthu féin atá an locht agus an t-uchtach a fháil an fón a thógáil agus glaoch a chur ar dhuine inteacht. Tá sé thar a bheith tábhachtach áfach. Is é an glaoch ach an chéad chéim i saol úr a thabharfaidh saoirse dófa, saoirse nach raibh acu go dtí seo agus saoirse atá tuillte ag cách. 

Close
Close