Ar an taobh eile

Ar an taobh eile

Dónall Mac Giolla Chóill

Tá mé ar saoire, téim ar saoire cúpla uair sa bhliain, agus de ghnáth bíonn a fhios ag Meon Eile gan a bheith ag cur as dom le linn an ama sin.

Ach an uair seo, d’iarr siad mo chuid saíochta orm, agus tabharfaidh mé í, an uair seo amháin.

Ná déanadh siad nós de!

An tseachtain seo caite, thug mé cuairt ar shráidbhaile Chelsea, ar an taobh ó dheas de Londain.

Is áit shaibhir é an baile seo, agus go leor iomrá ar an áit ar chláir theilifíse.

D’aithneofá boladh an rachmais ag éirí as doirse siopaí an tsráidbhaile féin.

Agus an ghrian ag scoilteadh na gcloch anseo, agus mé ag siúl síos an phríomhshráid, chonaic mé fear déirce ar an chosán.

Anois, in Chelsea bíonn cathaoir faoina thóin ag an fhear déirce, madadh ar a ghlúin aige agus toitín á chaitheamh ar bhealach ardnósach aige.

Mhothaigh mé, leis an spás a bhí á ghlacadh aige ar an chosán sin in Chelsea, agus mé anois ar an eolas go mbíonn sé ansin ar bhonn rialta leis na blianta, de réir na troighe cearnaí atá in úsáid aige, gurbh é an fear déirce is saibhre dá bhfaca mé ariamh.

Agus chonaic mé fear an phoist i mbun comhrá leis, do bharúil an bhfuil cód poist ar leith aige?

In Sutton, baile eile ó dheas de Londain tá lucht buscála ann. Anois, is minic nach mbíonn briseadh ag duine fána phóca, go háirithe le linn na paindéime, ach níl aon leithscéal agat anseo.

Glacann siad le híocaíocht gan tadhall.

Cá bhfios nach nglacann fear Chelsea le híocaíochtaí tré chárta chomh maith?

Tá an rachmas seo atá le feiceáil thart fá Londain ag dul ó smacht go hiomlán.

Léigh mé dhá alt i nuachtán anseo dar teideal Metro, atá ar fáil saor in aisce i ngach stáisiún traenach, faoi bhia atá ar fáil ar chostas ar leith.

I siopa Harrods, tá sceallóga agus iasc ar fáil ar £35.00!

Anois choinneodh £35.00 gnáththeaghlach fá Bhun an Leaca cothaithe ar feadh mí iomlán i ndiaidh cuairt a thabhairt ar Lidl nó Aldi, agus sa nuachtán céanna tá an siopa cáiliúil Fortnum and Mason ag tairiscint ‘patatas fritas’ ar chostas £25.00.

Anois déarfadh an teaghlach céanna ó Bhun an Leaca gur saor go leor sin mar chostas ar ‘patatas fritas’, go dtí go dtagann an tuigbheáil chugat gurb ionann ‘patatas fritas’ agus brioscáin prátaí.

Gach seans gurb é seo an chéad uair i stair na hiriseoireachta Gaeilge a luadh an téarma ‘patatas fritas’ chomh minic céanna, ach íocfar an scríbhneoir áirithe seo de réir líon na bhfocal, agus tá fonn millteanach ar an scríbhneoir céanna iasc agus sceallóga a fháil ó Harrods agus é ar saoire anseo.

Beidh orm pilleadh ar Bhéal Feirste go luath, agus b'fhéidir cuairt faoi choim a thabhairt ar Bhun an Leaca, sula dtosaím féin ag caitheamh toitíní ar bhealach ardnósach.

Close
Close