An tábhacht a bhaineann le hobair dheonach a dhéanamh


Katie McGreal

Ón uair a bhí mé ar an ollscoil bhí baint agam le hobair dheonach le carthanacht éigin. Chuaigh mé amach gach oíche Luain ag tabhairt ceapairí agus anraith do dhaoine ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath agus d’oibrigh mé le daoine óga i gclubanna óige. Rinne mé obair le Cancer Focus NI le linn na bliana a raibh ailse bhrollaigh ar mo mháthair agus nuair a bhog mé go Gaillimh thosaigh mé ag déanamh oibre le Foróige agus an clár Deartháir Mór Deirfiúr Mhór. Is deirfiúr mhór mé anois agus uair sa tseachtain casaim le cailín óg as Gaillimh agus téann muid i gcomhair tae, siúlóide nó cibé rud eile a ritheann linn.

Deirim go minic gurb é an chúis a bhfuil mé ag déanamh obair dheonach ná toisc nach bhfuil post lánaimseartha agam agus go bhfuil go leor am saor agam. Tá cuid den fhírinne ann sin, cinnte, ach anuas air sin mothaím níos fearr agus mé ag tacú agus ag cabhrú le daoine eile. Rinne mé go leor cairde a bhuí leis an obair agus cuirim aithne níos fearr ar an áit ina bhfuil mé agus ar an phobal atá thart timpeall orm.

Le linn na paindéime is é an rud is mó a d’airigh mé uaim ná comhluadar daoine. Fuair an chuid is mó againn amach gur féidir linn ár bpost, nó fiú cuid de, a dhéanamh ar líne agus cé go bhfuil mé in ann a bheith ag múineadh ar líne níl sé mar an gcéanna. Is breá liom a bheith ag múineadh ach ní fhaighim an buzz céanna ó na ranganna ar líne agus a fhaighim agus mé ar an láthair leis na daoine iad féin. Nuair a chasaim leis an chailín óg tugann sé deis dom an teach a fhágáil agus aithne níos fearr a chur ar Ghaillimh. Tá aithne mhaith agam anois ar an chailín, ar a muintir agus ar dhaoine eile atá ag déanamh na hoibre céanna liomsa. Rinne sé an-mhaitheas do mo mheabhairshláinte féin chomh maith leis an mhaitheas atá sé a dhéanamh don chailín óg.

Thuig mé ón tréimhse a chaith mé ag obair le Naomh Uinseann de Pól ar an ollscoil go raibh mé ag cabhrú le daoine de bharr na hoibre a bhí ar bun agam ach thuig mé freisin go raibh mé féin ag fáil go leor as freisin. Mothaím mar chuid de phobal agus mar chuid de rud éigin atá níos mó ná mé féin agus mholfainn do dhuine ar bith é! Má tá spreagadh éigin uait agus más maith leat bualadh le daoine nua tabharfaidh obair dheonach an spreagadh sin duit agus cuirfidh tú aithne ar an cheantar ina bhfuil tú agus ar dhaoine nach gcasfá leo ar aon bhealach eile.

Close
Close