Ambasadóirí lánaimseartha de dhíth orainn

Ciarán Ó Pronntaigh

Bhí sé cineál mí-ionraic mac léinn a fháil an tseachtain seo a chuaigh thart le labhairt ar ‘Upfront’ le Katie Hannon. Ní de thairbhe nár ghlac mé lena phointe go mothaíonn sé go bhfuil an Ghaeilge ‘leadránach’, go bunúsach mar ábhar scoile. An áit a bhfuil fadhb agam ná leis na heagarthóirí. Thiocfadh leo teacht ar scoláire ar bith agus an scéal céanna aige nó aici faoi ábhar ar bith ar scoil. An é sin an tslat tomhais a bheas againn as seo amach lenár gcuid luachanna a mheá?

An t-ábhar plé, an seanscéal agus meirg air, ar chóir leanúint leis an chóras go mbeadh Gaeilge éigeantach sna scoileanna ó dheas. Focal measartha lódáilte é ‘éigeantach’, b’fhéidir, nó tá go leor ábhar ‘éigeantach’ ag amanna áirithe i saol an dalta. Ach ar chualathas na cancráin ag trácht ar Bhéarla ‘éigeantach’ riamh? Tá Béarla líofa ag nach mór gach duine atá ina gcónaí in Éirinn; ní ceachtanna tuisceana a bhíonn ar fáil ar scoil ach saibhriú teanga agus cruinneas, rudaí nach bhfuil de dhíth i saol seo na meán sóisialta agus ríomhairí.

Tá sé mar an gcéanna maidir le go leor de na hábhair éigeantacha. An bhfuil Mata éigeantach de dhíth anois agus muid ag rith thart le ríomhairí níos cumhachtaí inár ngutháin phóca ná na ríomhairí a thug daoine chun na Gaelaí?

Cad é is féidir a ghnóthú as foghlaim na Gaeilge nó cén úsáid a bheas agat léi an cheist is mó a bhíonn ag na dúradáin seo ar beag leo a dhath ar bith nach féidir a leagan amach ar scarbhileog. Ach ba chóir go mbeadh níos mó i gceist le hoideachas ná post ardtuarastail a bhaint amach, dá thábhachtaí é. Cad é faoi thábhacht na féiniúlachta mar fhoinse cruthaitheachta agus dlúthpháirtíochta ag am a bhfuil na buanna sin ag dul in éag. Luímis ar ár gcranna foirtil seachas iad a chaitheamh uainn!

Tuigeann tíortha beaga eile ar fud an Domhain go dtugann a bhféiniúlacht féin buntáiste dóibh, go gcuireann sé lena bhféinmhuinín agus a gcruthaitheacht agus go neartaíonn sí an pobal. Agus is minic a bhíonn buntáiste geilleagrach ag rith leis na buntáistí eile sin. Faraor, níl an teachtaireacht sin furasta a chraobhscaoileadh na laethanta seo. An aon bhuntáiste Béarla a bheith ag muintir Birmingham agus ráta dífhostaithe thar 11% acu? Ní leor an t-aonteangachas le pobal a fhorbairt. Caithfimid an seanmheon coilíneach a bronnadh orainn nach bhfuil maitheas ar bith sa rud dúchasach a chaitheamh dínn.

Ach cén mhaith domsa, ná do dhuine ar bith againn, a bheith ag spalpadh ón chnoc is airde do dhream nach dtugann puinn airde ar fhocal dá dtagann as ár mbéal? Ní ag snámh ina aghaidh easa atáimid ach ag iarraidh léim isteach sa Ghealach ó bharr na hEaragaile.

Ar an drochuair, is mithid dúinn smaoineamh ar dhóigh níos córasaí le dul i bhfeidhm ar shaol dúr an Bhéarla. Tá sé cosúil leis na heolaithe ag caint go teoiriciúil ar neacha a chónaíonn a saol ar fad in dhá thoise – ní bheidh an cumas iontu an tríú toise a thuigbheáil ar dhóigh ar bith. Sin mar atá rudaí agus beidh orainn friotal a fháil leis an léargas sin a thabhairt.

Tá daoine aonair ag obair sa ghort seo agus áirím m’iar-chomhghleacaí Colm Ó Broin anseo ach is beag is féidir a dhéanamh leat féin. Mar an gcéanna leis na heagraíochtaí amhail Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Gael Linn ach níl sé d’acmhainn ná de sprioc acu tabhairt faoina leithéid go lánaimseartha.

Ceapadh ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge an mhí seo agus guím gach rath orthu. Tá ambasadóirí lánaimseartha de chineál eile de dhíth orainn chomh maith a bheas in inmhe tabhairt faoi na ceisteanna casta seo agus teachtaireacht shoiléir sheasmhach a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil ina gcónaí sa saol tríthoiseach dátheangach seo againne.

Idir an dá linn, titeann sé orainn uilig aghaidh a thabhairt ar na meáin nach gcailleann deis a gcuid aineolais faoin teanga a chur os comhair an phobail ar bhonn rialta.

Close
Close