SERVE agus Coláiste Feirste ag obair i gcomhpháirtíocht san Afraic

SERVE agus Coláiste Feirste ag obair i gcomhpháirtíocht san Afraic

Tá ionadaithe ó Choláiste Feirste tar éis coicís a chaitheamh ag tabhairt faoi obair charthanais i Mósaimbíc agus san Afraic Theas.

Dáréag dalta agus triúr múinteoir a thug faoin obair dheonach. Rinne an fhoireann taifead ar a dtréimhse san Afraic.

Bhí Meon Eile ina gcuideachta agus iad ag amharc siar ar fhíseáin na hAfraice…

SERVE agus Coláiste Feirste ag obair i gcomhpháirtíocht san Aifric

Atmaisféar thar a bheith dearfach agus bródúil a bhí ann sa seomra ranga ar an lá, agus an grúpa uilig ag baint suilt as na cuimhní den turas.

Dar le Diarmaid Ua Bruadair, Foireann Ceannaireachta Choláiste Feirste, “D’fhás na daoine óga seo tríd an eispéireas, d’éirigh siad níos muiníní mar dhaoine, thaisteal siad ar fud an domhain, mar sin ba mhaith liomsa go mbeadh an deis seo ag daltaí eile anseo, agus táimid ag súil le gach dara blian tionscnamh mar seo a reachtáil.”

Tá oifigí ag SERVE i mBéal Feirste agus i gCorcaigh, agus iad ag freastal ar chuid de na tíortha is boichte ar domhan.

Close
Close