Oscailt oifigiúil Naíscoil Bheann Mhadagáin

Tháinig slua mór le chéile i dtuaisceart Bhéal Feirste le foirgneamh úr Naíscoil Bheann Mhadagáin a oscailt ar na mallaibh.

Tá an fhorbairt seo idir lámha acu le roinnt blianta anuas agus anois tá dea-thoradh bainte amach acu do phobal thuaisceart Bhéal Feirste agus don aos óg fán cheantar.

Labhair Tarlach Mac Giolla Bhríde faoin tábhacht a bhaineann lena leithéid d’ionad agus dúirt nach raibh ach an tús. Beidh siad ag tógáil bunscoil úr ar an suíomh céanna, chomh maith le seomraí feistis don club CLG áitúil.

Tá anois níos mó ná daichead naíscoil lán-Ghaelach foscailte ar fud na sé chontae agus bhí lúchair ar thuismitheoirí pháistí na naíscoile faoi na háiseanna den scoth atá ag a bpáistí.

Chuir Máire Uí Éigeartaigh, atá ina Príomhóide ar an scoil, béim mhór ar an tráidisiún láidir Gaeilge a bhí i gcónaí beo sa cheantar.

Tá sí anois sásta go mbeidh Naíscoil Bheann Mhadagáin agus an t-ionad úr seo ábalta an traidisiún seo a chothú do na glúnta le teacht.

Oscailt oifigiúil Naíscoil Bheann Mhadagáin.
Close
Close