Oíche Chultúir Cois Cuain 2014

Oíche Chultúir Cois Cuain 2014

Thug na mílte duine aghaidh ar shráideanna Bhéal Feirste oíche Aoine seo caite d’Oíche Chultúr 2014.

Seo an séú bliain den fhéile cois cuain agus eagraíodh breis is 250 imeacht mórthimpeall na cathrach, ceolchoirmeacha, siúlóidí, taispeántais, cainteanna agus léirsithe siamsúla ina measc.

Ba i gCeathrú na hArdeaglaise a reáchtlaíodh tromlach na n-imeachtaí agus bhí go leor ócáidí Gaelacha lena chois.

Bhí Meon Eile i láthair na cuideachta, seo chugaibh léargas agus achoimre ar na buaicphointí ó fhéile na bliana seo…

Oíche Chultúir Bhéal Feirste
Close
Close