'Idir Mise Agus Tusa' - agallamh beirte Uladh

'Idir Mise Agus Tusa' - agallamh beirte Uladh

Tá tús á chur inniu le sraith nua drámaíochta ar Meon Eile, ‘Idir Mise Agus Tusa’.

As seo go dtí an Nollaig beidh deich n-agallamh beirte le feiceáil ar an suíomh agus daoine óga as gach cearn de Chúige Uladh páirteach iontu.

Is iad na haisteoirí óga as Rann na Feirste, Rónán Mac Eamharcaigh agus Cathal Ó Cathasaigh, atá sa chéad agallamh seo inniu agus roghnóidh iad as na scórtha páistí a ghlac páirt in éisteachtaí le bheith mar chuid den tsráith.

Ba é Ray Mac Manais, rí na n-agallamh beirte, a scríobh an chéad agallamh, scéal faoi rógaire atá i ndiaidh bás a fháil agus a bhuaileann le Naomh Peadar ag geataí na bhFlaitheas.

Tá ceisteanna móra le freagairt aige!

An Peacach Glic

An Peacach Glic

Peacach

Seo anois mé ag Geataí na bhFlaitheas.

Tá mé fágtha anseo fuar agus fann.

Bhur mbarúil an scaoilfear isteach mé?

Tá m’anam sórt breac, seachas bán.

Ní raibh mé i gcónaí i m’aingeal,

Cé nach ndearna mé riamh peaca mór.

Beidh an t-eolas ar fad ag Naomh Peadar –

Beidh sé uilig breactha síos ina leabhar.

Peadar

Ní bheidh mé ag léamh as leabhar ar bith feasta,

Ná scríbhinn ná cáipéis d’aon sórt.

Dia féin a fuair réidh leis anuraidh.

Céad slán leis an chraic is an spórt.

Peacadh

Bhuel, a shoilse, a Pheadair, a Aspail,

Bhí do phictiúr ar crochadh sa teach,

Is nach chugatsa a ghuigh mé gach oíche.

An é seo an bealach isteach?

Peadar

Fan go fóillín, a phleidhce, bí foighdeach!

Tóg cúrsaí go réidh is go deas.

Cad é an fuadar atá fút, a phleota?

Ní miste do bheatha a mheas!

Peacach

Seo an chéad uair domhsa a bheith marbh

Is ní ritheann sé seo le mo chiall:

Níl cuntas mo bheatha sa leabhar,

Ach fós tá tú ag iarraidh mé a thriail?

Peadar

Foighid ort, a scraistín, is éist liom!

Cé nach bhfeiceann tú leabhar i mo bhois,

Bhí smaoineamh nua-aimseartha ag Dia

Is tá gach rud ar taibléid anois.

Ach ní raibh mé sásta é a fhágáil faoin inneall

Beatha duine a bhreithniú go cruinn,

Só… bhain mé dó an bluetooth ‘s an wifi!

Ná lig ort gur chuala tú sin!

Peacach

Siúr nach bhfóireann sé sin domsa fosta

Gan do rúnsa a scaoileadh go deo.

Níl cuntas mo bheatha le scrúdú –

Isteach liom anois go beo!

Peadar

A leibide, is liomsa na Geataí!

Mise go fóill atá i mbun,

Is ar an drochuair tá drochscéala agam:

Tá cuntas do shaoil i mo chionn!

Peacach

Go mbristear do chosa is do chnámha!

Guím mallacht ort oíche is lá…

Peadar

Cad é?

Peacach

Bhí mé ag móradh do chuimhne, a Pheadair,

B’shin an méid a bhí mé á rá!

Peadar

Ní mo chuimhnese féin atá le móradh

Ach cuimhne Naomh Pádraig fá chlú,

Is dar leis, a bhí ag faire go géar ort,

Gur tusa an rógaire dubh.

Peacach

Bhuel breast thú, a Phádraig, mar sceitheoir.

Is é an béal ina thost atá binn!

Peadar

Cad é???

Peacach

Thig brath ar Naomh Pádraig mar réiteoir.

Tá mé cinnte go bhfuil a chuimhne thar cionn.

Peadar

Bhuel, is cuimhin leis tusa mar scabhaitéir,

Tú ag troid is i dtrioblóid gan stad,

Is as do theaghlach is do mhuintir, a deir sé,

Gur tusa is measa ar fad!

Peacach

Nach mise a bhí óg neamhurchóideach,

Is níor thuig mé go raibh mé i mbaol,

Ach dá bhfaighinn seans eile, a Pheadair,

Chuirfinn athrú mór ar mo shaol.

Peadar

Tá tú cúisithe i ngoid is i mbréaga,

Tarcaisne, troid agus só,

Ach thar pheaca ar bith eile ar an liosta

Rinne tú poitín d’oíche is de ló.

Peacach

Arú níl cosaint ar bith ar an chúis sin,

Ach le mórtas a thig liom a rá

Nach raibh stiléir eile in Éirinn

A rinne poitín chomh blasta is chomh breá!

Peadar

Nuair a bhí mise agus Pádraig inár mbeatha

D’ól muid beirt ar an domhan sin thíos,

Is níl agam ach ceistín beag bídeach:

Ar thug tú leat buidéal aníos?

Peacach

Buidéal duitse agus ceann do Naomh Pádraig!

Bhí sé doiligh iad a smuigleáil amach!

Peadar

As feabhas do chuid dí tá do maite.

Goitse anois! Fáilte isteach!

Close
Close