Féile na bPáistí i mBéal Feirste

Féile na bPáistí i mBéal Feirste / Sarah de Búrca

Bunaíodh Féile na bPáistí sa bhliain 1998 agus tá fás agus forbairt tar éis teacht ar an bhFéile ó shin.

Bíonn Féile na bPáistí i measc na n-ócáidí éagsúla a eagraíonn Young at Art.

An aidhm atá ag Young at Art ná páistí a spreagadh i dtreo na healaíne agus an deis a thabhairt dóibh eolas a bheith acu ar an ealaín agus labhairt faoi.

Bíonn ceardlanna, imeachtaí agus turais á n-eagrú ag Young at Art.

Bhí Meon Eile i láthair ag ócáid faoi leith le linn Fhéile na bPáistí, Sos agus Scéalta.

Fuair na páistí a bhí i láthair an deis suaimhneas a ghlacadh agus suí síos chun éisteacht le scéalta Gaeilge agus Béarla in áit chiúin chompordach.

Close
Close