Contae -v- Cumann: Cé acu atá ceart?

In ainneoin an bhua iomráitigh a bhí ag peileadoírí Aontroma ar Laois i gcéad bhabhta na gcluichí cáilithe ag an deireadh seachtaine, tá aighneas sa chontae agus an t-imreoir CJ Mc Gourty i ndiaidh oifigigh Bhord Aontroma a cháineadh.

Scaoileadh triúr imreoir ó CLG Naomh Gall, McGourty féin, a dhéarthair Kieran agus Conor Burke, ó fhoireann Aontroma roimh chluiche an tSathairn mar gur imir siad cluiche iomána lena gcumann oíche Dé hAoine. D’imir an triúr le Naomh Gall i gcluiche dícháilithe sraithe. Bhuaigh Naomh Gall cé nach raibh ach 17 imreoirí ar fáil dóibh.

Deir McGourty go raibh gach iarracht déanta ag rúnaí an chumainn, agus bainisteoir an chontae, an cluiche a athrú ach dhiúltaigh Bord Aontroma lena gcuid achainithe, dar leis. Mhaígh McGourty gur fhulaing an contae agus an cumann mar gheall ar na coinníollacha a leagadh síos.

An bhfuil réiteach chothrom ar chúraimí an chontae agus an chumainn agus aimsir na craoibhe faoi sheol? Labhair muid le hiarimreoir Dhún na nGall, Caoimhín Ó Casaide, agus imreoir le cumainn na hEaglaise, Lorcán Ó Máirtín, faoina léamh ar an cheist…

Barúil ón Bosca - Cumann vs Condae
Close
Close