Comórtas Chorn Uí Chon Cheanainn ag bláthú

Ba é seo an dara bliain ar an bhfód ag Corn Uí Chon Cheanainn, comórtas a cuireadh ar bun in ómós do Chiarán Ó Con Cheanainn, iar-léachtóir de chuid Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus fear a bhí ina amhránaí sean-nóis den scoth.

An bhliain sula bhfuair Ciarán bás, bhí sé ar an duine is óige ariamh chun Corn Uí Riada a bhuachan nuair a thóg sé leis an gradam mór clúiteach in 2008.

Eagraíodh an comórtas ina onóir in Ionad na Mac Léinn sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar an Satharn seo caite.

Chuir Áine Ní Bhreisleáin, a bhí ina Bean an tí, fáilte mhór roimhe an scaifte a bhí i láthair ar an lá.

Ba iad Óige Ó Céilleachair, Síle Denvir agus Máire Ní Choilm a bhí i mbun moltóireachta.

Bronnadh Corn Uí Chon Cheanainn ar Dhoireann Ní Ghlacáin, as Cluain Tarbh agus iníon léinn sa Choláiste Ollscoile, BÁC.

Tháinig Adhna Ní Bhraonáin, as Indreabhán, Co. na Gaillimhe agus iníon léinn i gColáiste Ollscoill Luimnigh sa dara háit.

Ba í Deirdre Ní Mhuirthile, as Baile an Mhóta, Co. Shlighigh, agus atá ag staidéar in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, a thug an tríú háit léi.

Comórtas Chorn Uí Chon Cheanainn ag blathú

Rinne Oireachtas na Gaeilge agus Gael Linn urraíocht ar dhuaiseanna na mbuaiteoirí agus is iad muintir Chiaráin Uí Chon Cheanainn féin a bhronn na gradaim.

Buaiteoir Chorn Uí Chon Cheanainn 2016, Doireann Ní Ghlacáin
Close
Close