Ceisteanna ciotacha Grenfell Tower

Peadar Ó Caomhánaigh

“Iad siúd a fuair bás. Iad siúd a chaill a dtithe. Tharla seo dóibh mar tádar bocht. Sin an t-aon fáth.”

B’shin a dúirt Akala, an t-ealaíontóir, file agus ceoltóir rap Sasanach le Nuacht Channel 4 taobh amuigh de Grenfell Tower, an deatach fós ag éirí ó chonamar an fhoirgnimh agus na seirbhísí éigeandála fós ag dul sa bhearna bhaoil chun teacht ar éinne a tháinig slán ó thubaiste na hoíche roimhe.

Bhí sé fós luath ag an am sin.

Ró-luath go mbeadh a fhios againn nach raibh aláram dóiteáin feidhmiúil ar bith sa bhfoirgneamh 24 urlár.

Ró-luath go mbeadh a fhios againn nach raibh córas spréite uisce sna hárasáin nó sna hallaí.

Ró-luath go mbeadh a fhios againn gur roghnaigh an comhlacht bainistíochta gan painéil moillithe dóiteáin a chur ar an bhfoirgneamh chun a laghad agus £5,000 a shábháil dóibh féin.

Bhí sé luath, ach fós féin bhí Akala muiníneach a dhóthain gurb í an fhírinne a bhí á hinsint aige.

Bhí sé muiníneach mar sin cultúr na linne seo.

Nuair a thagann sé go cúram poiblí an rialtais, is é an nós atá ann ná gearán a dhéanamh faoin gcostas, seachas faoin gcaighdeán atá á sholáthrú.

Ní bhaineann seo le Londain Shasana amháin.

Is cuid den chultúr idirnáisiúnta é gearán a dhéanamh faoin téip dhearg, faoin maorlathas, faoi “sláinte & sábháilteacht”.

Níl ansin ach cur i gcéill.

Sábhálann an maorlathas seo daoine ó ghortú nó ón mbás.

Ach cosnaíonn sé airgead, agus mar sin, is iomaí sampla atá le fáil d’easpa an mhaorlathais riachtanach seo.

Tá sé sách simplí – ní féidir tosaíocht a thabhairt don bhrabús agus don duine daonna ag an am céanna.

Sin dá thrá nach féidir a fhreastal agus tú ag cur seirbhís phoiblí ar fáil.

I mBorg Ríoga Kensington agus Chelsea, tuigtear anois gur cuireadh an brabús os cionn sláinte agus sábháilteacht na gcéadta daoine, agus tá fearg le haireachtáil sa phobal.

Tá an teachtaireacht soiléir.

Dúradh arís agus arís eile go dtarlódh tubaiste.

Sa bhliain 2012, rinneadh measúnú ar an mbaol dóiteáin i nGrenfell Tower.

Bhí na múchtóirí sna hallaí loite le haois.

Ní raibh ach doras éalaithe amháin don bhfoirgneamh iomlán.

Ní raibh aon chóras spréite uisce ann.

Leanann an liosta lochtanna ar aghaidh.

Cuireadh os comhair na comhairle é agus rinneadh... bhuel, tá sé soiléir ag breathnú ar fhothracha agus ar luaithreach an túir a laghad agus a rinneadh.

Bhí leithscéal acu – arís.

Chosnódh sé dóthain airgid na leasuithe sin a chur ar an bhfoirgneamh.

Bhí airgead ag Comhairle Kensington agus Chelsea chun an foirgneamh a dhéanamh níos deise ar an taobh amuigh, chun an radharc ó na hárasáin phríobháideacha timpeall ar Grenfell Tower a fheabhsú; ach ní raibh an t-airgead acu £138,000 a chaitheamh ar spéirí nó aláram nua.

Chosnódh sé dóthain airgead.

Abair sin leis an mbean a chaith a páiste amach as fuinneog ar an ochtú urlár, ag súil le go mbeire fear ar an dtalamh ar an leanbh.

Abair sin leo siúd a tháinig slán, ach anois nach bhfuil pingin rua acu, ná éadach ar bith, ná leaba na hoíche.

Abair sin leis na mairbh.

Dar le Rock Feilding-Mellen, comhairleoir áitiúil a shuíonn ar an gcoiste tithíochta, tógfaidh sé suas le dhá bhliain muintir na háite a athlonnú.

Níl an t-airgead ann é a dhéanamh níos tapúla.

Is le teaghlach Feilding-Mellen dhá thigh mhóra tuaithe agus trí chaisleán, ach níl an t-airgead ann.

Ní costas é tithíocht phoiblí, agus seirbhísí poiblí eile, ach infheistíocht sna daoine a bhaineann úsáid astu.

Má cheapaimid gur féidir linn seirbhísí poiblí a chur ar fáil cosúil le gnó, agus gur ar mhaithe le brabús ar cóir tír ar bith a rith, ní bheidh an t-airgead ann go deo.

Agus, mar a dúirt Akala, tá a fhios againn cad a bheas i ndán do na boicht.

Close
Close