Cead Ardchúirte chun dlí a chur ar an Fheidhmeannas faoi Straitéis na Gaeilge

Tá cead tugtha do Chonradh na Gaeilge an dlí a chur san Ardchúirt ar an Fheidhmeannas ó thuaidh ar an bhonn nár ghlac siad le straitéis na Gaeilge 2015 -2035, a aontaíodh ina gClár Rialtais féin.

Socraíodh ar an Aoine 9ú Meán Fómhair mar lá an athbhreithnithe ina gcuirfidh an dá thaobh a gcuid fianaise chun tosaigh.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil siad sásta an cás a tharraingt siar má gheallann an Feidhmeannas go gcuirfidh siad an straitéis i bhfeidhm…

“Cé go bhfuil cead na Cúirte faighte ag Conradh na Gaeilge dul ar aghaidh leis an Athbhreithniú Breithiúnach, is gá cur in iúl do na húdaráis gur féidir leo seo a sheachaint trí ghlacadh le ‘Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035’,” arsa Niall Comer, Tanáiste an Chonartha.

Sna sála ar chomhairliúchán poiblí ar Acht Gaeilge arú anuraidh, sheol an tIar-Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín, ‘Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint 2015-2035’.

Ar an 10ú Márta i mbliana, vótáil DUP, UUP agus páirtí na Comhghuallaíochta i gcoinne na straitéise fiche bliain don Ghaeilge a d’ullmhaigh an Roinn faoi stiúir Cháral Uí Chuilín.

Bhí Straitéis na Gaeilge luaite go sonrach mar ghealltanas ó Rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn 2006 agus i gClár Rialtais 2011-2015 faoi Thosaíocht 4 den Chlár Pobal Láidir agus Comhroinnte A Chothú.

Bhí Meon Eile ag an Ardchúirt inné, áit ar labhair muid le foireann an Chonartha faoi chúlra an chás agus faoin mhéid atá rompu…

Ardchúirt
Close
Close