Cad atá i ndán d'iriseoireacht na Gaeilge?

Tá athruithe suntasacha tagtha ar iriseoireacht na Gaeilge le tamall anuas. Seoladh an nuachtán úr ar líne tuairisc.ie trathnóna inné ag ócáid i mBaile Átha Cliath. Sheol RTÉ seiribhís Ghaeilge dá gcuid nuacht.ie roinnt seachtainí ó shin.

Tá macasamhail nuacht24.com agus antuairisceoir.com ag soláthar seirbhís seasta don phobal i rith ama agus beidh suíomh gréasáin úrnua á sheoladh ag NÓS sár i bhfad fosta.

Níl dabht ar bith go bhfuil muid i ré na meán digiteach agus beagnach achan rud ar fáil dúinn ar líne. I gcás an ábhair chlóite, níl fághtha ach forlíonadh Seachtain san Irish Independent, leathanaigh Ghaeilge san Irish TImes agus san Irish News agus cúpla iris.

Le hathruithe tagtha ar chur i láthair na nuachta, labhair Meon Eile leis an phobal faoina dtuairimí i leith thodhchaí na hiriseoireachta Gaeilge…

Close
Close