An Tuaisceart Dearg le Fearg

Dearg le Fearg


Shiúil na mílte Gael ar shráideanna Bhéal Feirste lena gcearta teanga a éileamh ó na húdaráis an Satharn seo caite mar chuid den fheachtas náisiúnta Dearg.

Bhailigh 16 bus ó fud na tíre ar Bhóthar na bhFál agus shiúil an slua ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go Cearnóg Theach an Chustaim.

Eagraíodh an mórshiúl sna sáile ar Lá Mór Bhaile Átha Cliath agus Slán le Seán i gConamara.

Trí éileamh a bhí ag lucht eagraithe an mhórshiúil: Acht na Gaeilge ó thuaidh, córas cuimsitheach Gaelscolaíochta agus acmhainní cuí do phobal na Gaeilge.

Seo chugaibh buaicphointí an lae agus tuairimíocht uathu siúd a shiúil na sráideanna…

Close
Close